Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail
Béal a Phobail
Ranganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGael!
Wednesday, 16 January 2008

Beidh Ranganna Rince ar an Sean-Nós Chlub Árus na nGael ag tosú arís Dé Luain 21 Eanáir agus beidh Pádraig Ó hOibicín á múineadh arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le sé bliana anuas anois agus an rath orthu. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin!

 
Díospóireacht Staire sa Mhúsaem
Wednesday, 16 January 2008

Nach mbeadh an saol thar a bheith éagsúil dá marófaí Dev i rith an Chogadh Catharbha agus dá mairfeadh Michael Collins?  Seo an ábhar a bheidh á phléigh ag an Dr. John Cunningham i Músaem Cathrach na Gaillimhe Déardaoin ag a 8i.n.

 
Gaillimh le Gaeilge ar thóir Treabh
Wednesday, 09 January 2008

Tá Gaillimh le Gaeilge ag glacadh le hainmniúcháin do Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh do 2007. Cuireadh tús leis an nGradam seo i 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Gach bliain déantar forbairt nua agus athnuachán ar an nGradam agus i mbliana, tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge fáilte a chur roimh a gcomhpháirtithe nua; Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe atá ag tacú agus ag forbairt gné nua den Ghradaim “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh.

 
Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil Ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh
Wednesday, 09 January 2008

An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B’fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?

 
Club Léitheoireachta Gaeilge
Wednesday, 09 January 2008

Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe ar thóir dhaoine ar suim leo níos mó leabhra i nGaeilge a léamh.  Ó d'oscail an Músaem a shiopa leabhair Gaeilge le gairid tá an-iarracht á dhéanamh chun a thuilleadh léitheoirí Gaeilge a mhealladh isteach san áit ina bhfuil Sean Phádraig lonnaithe.

 
An Bhliain atá Amach Romhainn... Liathróid Chriostail...
Wednesday, 02 January 2008

(Bréag scéalta na bliana atá amach romhainn!)

 
Comhluadar na Nollag
Wednesday, 02 January 2008
Image

“Ná ceap nós is ná bris nós” a deir an seanfhocal agus is amhlaidh atá an scéal leis na teaghlaigh gaelacha i gcomharsanacht Locha Riach. Tháinig teaghlaigh Ghaelscoil Riabhach ó Bhaile Locha Riach le chéile don tríú bhliain i ndiaidh a chéile ag Feirm na bPeataí, Tuair Rua le cóisir iontach a cheiliúradh.

 
Ceol Binn na Nollag
Wednesday, 19 December 2007
Image

Bhí searmanas deas ag Otharlann Naomh Breandáin i mBaile Locha Riach nuair a tháinig páistí ó Scoil Íde Naofa, Scoil Bhreandáin Naofa agus Gaelscoil Riabhach le chéile l’amhráin na Nollag a chanadh d’othair is do fhoireann na hotharlainne le déanaí.

 
Úrscéal Nua le Pádraig Standún
Wednesday, 19 December 2007

Díbirt Dé is teideal don úrscéal is deireanaí ó pheann Phádraig Standún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta. Scéal casta atá á ríomh anseo faoi shagart paróiste agus a chuid iarrachtaí stiúir a choinneáil ar mhuintir a pharóiste in ainneoin deacrachtaí móra, grá faoi cheilt idir bheirt atá pósta, agus sagart a rinne ionsaí gnéis ar ghasúir, ina measc.

 
An Cléireach Seolta agus Club Léitheoireachta Fógartha
Wednesday, 19 December 2007

Seoladh An Cléireach, leabhar nua le Darach Ó Scolaí,  i Músaem Cathrach na Gaillimhe le gairid, uair gur fograíodh go mbeadh tús á chur le club léitheoireachta Gaeilge tar éis na Nollag. 

 
<< Start < Prev 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Next > End >>

Results 71 - 80 of 157

Should pit bulls be banned?