|
Wednesday, 20 February 2008 |
|
Tá Heather Martin Bixler agus Dawn Doherty, beirt cheoltóir traidisiúnta den scoth ó Meiriceá, ag teacht chomh fada le Gaillimh chun gig amháin a dhéanamh i gClub Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar an Satharn 23 Feabhra.
|
|
|
Wednesday, 20 February 2008 |
|
Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil Dianchúrsa do Dhaltaí na hArd Teistiméireachta 2008. Tá an Dianchúrsa seo chun daltaí a ullmhú do Scrúdú Cainte na Gaeilge.
|
|
|
Wednesday, 20 February 2008 |
|
Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2008, Donnchadh Ó hAodha, ag searmanas speisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Dé Céadaoin, 6 Feabhra 2008. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas é an tUachtarán nua, fear ildánach a bhfuil aithne mhór air de bharr a chuid oibre i gcur chun cinn na Gaeilge, go háitiúil i gCúige Mumhan, agus go náisiúnta sna rólanna éagsúla a bhí aige i gConradh na Gaeilge thar na mblianta.
|
|
|
Wednesday, 13 February 2008 |
|
Sheol Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Tom Costello, 'Séala Oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh', ag preasócáid Déardaoin seo caite 31 Eanáir 2008 ag 12.30in. in Árus Chumann Tráchtála na Gaillimhe. D'fhorbair Gaillimh le Gaeilge an 'Séala' i gcomhar lena gcomhpháirtithe nua; Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus is comhartha ar ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas atá anseo do bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh - a bheidh le feiceáil ar a gcuid stáiseanóireachta, bróisiúr agus ar a láithreáin ghréasáin i ndiaidh dóibh buachan. Ba thús í an ócáid seo le ceiliúradh ar 21 bhliain d'aois i ngnó do Ghaillimh le Gaeilge!
|
|
|
Wednesday, 13 February 2008 |
|
Tá foireann an pháipéir laethúil Gaeilge, Lá Nua, tar éis a fhógairt go bhfuil an-chuid teachtaireachtaí tacaíochta fáighte acu ón bpobal ón am gur fhógraíodh go raibh Lá Nua i mbaol dúnta ag tús na seachtaine seo.
|
|
|
Wednesday, 06 February 2008 |
|
Bliain mhór a bheidh i 2008 do leabhra Ghaeilge, mar is léir ó na leabhra a bheidh foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta sa bhliain atá le theacht. Seo blaiseadh beag den ábhar a bheidh ar fáil i 2008:
|
|
|
Wednesday, 06 February 2008 |
|
Tá an próiseas moltóireachta faoi lánseol anois do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2007, atá eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirt leis an Galway Advertiser agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le tacaíocht speisialta ó Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta. Tugann an Gradam bliantúil seo aitheantas do chomhlachtaí agus d'eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe.
|
|
|
Wednesday, 30 January 2008 |
|
Beidh Músaem Cathrach na Gaillimhe ag reachtáil cúrsa trí seachtainí, ó Déardaoin 31ú Eanair, ina mbeidh Treasa Ní Cheannabháin ag díriú isteach ar trí cinn d'amhráin mhóra an tsean-nóis.
|
|
|
Wednesday, 30 January 2008 |
|
Tá roinnt leabhra den scoth foilsithe ag Cló Iar Chonnachta le roinnt míosa anuas. Sa bpíosa seo a leanas breathnóidh muid ar trí cinn:
|
|
|
Wednesday, 30 January 2008 |
|
Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge 2008 ar siúl in Óstán an Galway Bay, Gaillimh ar an 22-23 Feabhra 2008. Is é seo an deis is mó do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.
|
|
|
<< Start < Prev 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Next > End >>
|
| Results 61 - 70 of 163 |