Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail
Béal a Phobail
Foghlaim Polannais!
Wednesday, 26 March 2008

Beidh deis teanga na Polainne a fhoghlaim i rith ama lóin an mhí seo chugainn nuair a chuirfear ranganna ar siúl le Katarzina Banasek mar chuid de chlár imeachta an mhúsaem.  Tá sé i gceist ag an músaem a thuilleadh ranganna Gaeilge a chur ar siúl freisin d'eachtrannaigh.

 
Lá Breá Gaelach i mBaile Locha Riach
Wednesday, 26 March 2008
Image

De bharr gur fhógair Cumann Tráchtála Locha Riach nach mbeadh siad i gceannas Mórshiúil Fhéile Pádraig i mbliana, tháinig Coiste an Pharáid le chéile don chéad uair ag deireadh Mí Eanáir. Ar bhonn dheonach a bhí siad ag feidhmniú ó shin agus é i gceist acu deis a thabhairt do grúpaí pobail a ngníomhaíochtaí a cheiliúradh.

 
Féile Raifteirí 2008
Wednesday, 19 March 2008

Seoladh Féile Raifteirí 28-30 Márta 2008 mar chlabhsúr d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach le deireannas. Bhí seisiún ceoil eagraithe Oíche Fhéile Pádraig  agus Meaitie Jó Shéamuis Ó Fátharta is Johnny Connolly mar aoi-cheoltóirí ag an seisiún gaelach.

 
Foghlaim Polannais!
Wednesday, 19 March 2008

Beidh deis teanga na Polainne a fhoghlaim i rith ama lóin an mhí seo chugainn nuair a chuirfear ranganna ar siúl le Katarzina Banasek mar chuid de chlár imeachta an mhúsaem.  Tá sé i gceist ag an músaem a thuilleadh ranganna Gaeilge a chur ar siúl freisin d'eachtrannaigh.

 
Rós Chlub Árus na nGael
Wednesday, 19 March 2008
Image

Bhí an-oíche i gClub Árus na nGael an tseachtain seo caite nuair a chuaigh ochtar spéirbhean in iomaíocht chun duais Rós Chlub Arús na nGael a bhaint amach.  Bhí an-gháire agus an spraoi ann ar feadh na h-oíche, a bhuíochas sin do mhuintir Chonradh na Gaeilge a d'eagraigh an oíche, go h-áirithe eagarthóir an chomórtais féin, Baba Ní Fhlatharta.

 
Scoildhrámaíocht den Scoth
Wednesday, 12 March 2008
Image

D’éirigh go hiontach le Féile Scoildhrámaíochta na Gaillimhe arís i mbliana agus é ar siúl sa Temperance Hall i mBaile Locha Riach don chéad uair 3-7 Márta.

 
Dráma den scoth ag Joe Steve
Wednesday, 12 March 2008

Tá an chéad léiriú de chuid na bliana seo á chur ar siúl ag Taibhdhearc na Gaillimhe i Seanscoil Sailearna faoi láthair - dráma nua-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar, a bheidh le feiceáil, atá á stiúradh ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin. Tá an dráma seo scríofa ar an múnla céanna le Níor mhaith liom do Thrioblóid, a líon An Taibhdhearc go doras. Is in áras do sheandaoine atá Faoi dheireadh Thiar lonnaithe. 

 
Ceolchoirm Phádraig sa Mhúsaem
Wednesday, 12 March 2008

Beidh ceolchoirm mhór ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe Déardaoin seo ag a 8in chun tús a chur le ceiliúradh Phádraig i gCathair na Gaillimhe.  I measc na réalta ag glacadh páirte sa gceolchoirm beidh Tom Cullivan, Michael Hannon, Elena Gekker agus Eamonn Rabitte. 

 
Seachtain na Gaeilge i Músaem na Cathrach
Wednesday, 05 March 2008

Tá sraith imeachtaí á reachtáil ag Músaem Cathrach na Gaeilge an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn chun Seachtain/Coicís na Gaeilge a cheiliúradh.  I measc na n-imeachtaí beidh léachtaí ar leigheasóirí thraidisiúnta, ar an t-ádh i dtraidisiún na nGael agus cúrsa Gaeilge d'eachtrannaí.

 
Seoladh ‘Fáinne Fí Fífí’
Wednesday, 05 March 2008

Oíche mhór mhaith a bhí ann in Áras na nGael sa Ghaillimh an Déardaoin seo thart nuair a sheol Ré Ó Laighléis an t-úrscéal Fáinne Fí Fífí leis an údar óg Meadhbh Ní Eadhra. MÓINÍN a d’fhoilsigh an leabhar - comhlacht a bhfuil an Laighléiseach ina chombhunaitheoir air agus a bhfuil sé anois mar ionadaí na scríbhneoirí ar bhord an chomhlachta chéanna. Bhailigh lucht na Gaeilge, lucht an oideachais, lucht na litríochta agus mórán eile nach iad isteach san Áras don ócáid agus ba mhaith an rud é nár tháinig níos mó ná iad, mar bhí brú spáis ann mar a bhí. Is dea-thuar é seo do thodhchaí leabhar Mheadhbh agus do litríocht na Gaeilge i gcoitinne.

 
<< Start < Prev 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Next > End >>

Results 41 - 50 of 157

Should pit bulls be banned?