Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail
Béal a Phobail
Bronnadh speisialta
Wednesday, 19 May 2010
Image

D'eagraigh Gaeilge Locha Riach agus Coiste Ghlór na nGael ócáid speisialta sa bhialann Iodálach 'Il Porcetto' le deireannas le comhghairdeas a ghabháil leis na siopadóirí ar ghearrliosta 'Comórtas na bhFuinneog' i mbliana. Chuir Caoimhín ó Codhla, Foras na Gaeilge, síos ar na scéimeanna gnó atá ar fáil uathu agus mhol sé go mór an obair idir lámha ag siopadóirí íomhá ghaelach a chruthú i mBaile Locha Riach.

 
Tí Chóilí ar an ardán mór
Wednesday, 28 April 2010

Beidh cuid de mhór cheoltóirí traidisiúnta na tíre ag teacht le chéile chun seoladh oifigiúil a dhéanamh ar DVD ceoil ó Tigh Chóilí, 'Irish Music in Surround Sound', in Amharclann na Cathrach, Gaillimh ar an gCéadaoin, 28ú Aibreán, 8in. I measc na gceoltóirí beidh an fidléar clúiteach, Cathal Hayden. Tá sár-aithne ar Chathail sa taobh seo tíre i ngeall ar an bpáirt a ghlac sé sna grúpaí, Arcady, agus Four Men and a Dog.

 
áiteanna Fós ar Fáil do Chúrsa Lae Gaeltachta
Wednesday, 28 April 2010

Tá áiteanna fós ar fáil do pháistí na Gaillimhe atá ag iarraidh freastal ar chúrsa samhraidh Gaeltachta, ach a bheith ag fanacht sa mbaile ina dteach féin san oíche. Idir an 30ú Meitheamh - 20ú Iúil, beidh bus ag fágail ó lár na cathrach, ag déanamh a bhealach ar an gCeathrú Rua, áit go mbeidh na páistí ag glacadh páirt in imeachtaí lae an Choláiste Samhraidh.

 
Ceolchoirm Bailiúcháin ar son Ionad Acmhainní Pobal na Gaillimhe
Wednesday, 28 April 2010

Ar an Déardaoin 29 Aibreán tá Ionad Acmhainní Pobal na Gaillimhe ag cur ceolchoirm bailiúcháin ar siúl i gClub áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Cuirfear tús leis an oíche ag 8.00 i.n. agus gealltar réimse leathan ceol, amhránaíocht agus damhsa; Damhsa Boilg na Gaillimhe, seiteanna agus damhsa ar an sean-nós san áireamh.

 
Naoi nAinmniúchán sna Gradaim smedia 2010 ag Mic Léinn an Acadaimh
Wednesday, 21 April 2010

Tá naoi n-ainmniúchán le haghaidh na ngradam smedia 2010 faighte ag mic léinn atá i mbun cúrsaí cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Tá na hainmniúcháin faighte ag na mic léinn i rannóg na teilifíse an raidió agus na hiriseoireachta clóite.

 
Club Leabhar ag Teacht le Chéile ar an 27ú Bealtaine
Wednesday, 21 April 2010

Beidh Club Leabhar Gaeilge na Gaillimhe ag teacht le chéile don uair dheireanach roimh bhriseadh an tsamhraidh ar an 27ú Bealtaine, ag 8.00 sa House Hotel, ar Shráid Thobar an Iarla i nGaillimh, uair go mbeidh leabhar nua Alex Hijmans, Favela, á phléigh. Tá cónaí ar Alex Hijmans, úinéir an chaifé Banana Phoblacht ar Shráid Doiminic tráth, i Tancredo Neves sa Bhrasaíl anois.

 
Féile Joe éinniú
Wednesday, 21 April 2010
Image

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine. Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984.

 
Cúrsa Gaeltachta Lae do Pháistí na Gaillimhe
Wednesday, 14 April 2010

Tá sé fógartha ag GaelNua go bhfuil roinnt áiteanna fós ar fáil don chúrsa Gaeltachta lae a bheidh á reachtáil an samhraidh seo do pháistí ó Chathair na Gaillimhe i nGaeltacht Chonamara. Tugann an cúrsa seo deis do pháistí ón gCathair (agus na ceantair máguaird) freastal ar choláiste samhraidh, ach gan fanacht thar oíche.

 
Comórtas na bhFuinneog - Bronnadh 'Béarnard'
Wednesday, 14 April 2010
Image

D'eagraigh Gaeilge Locha Riach agus Conradh na Gaeilge 'Comórtas na bhFuinneog' arís le linn Sheachtain na Gaeilge agus go leor siopadóirí páirteach ann. Mar a tharla, bhí daltaí scoile ag breathnú ar na fuinneoga agus an focal deiridh acu féin mar mholtóirí. Caithfidh a rá go raibh craic acu ag cur gearrliosta le chéile agus tuairimí éagsúla le plé eatarthu le siopa amháin a roghnú.

 
Seans deireanach chun taispeántas ar Iriseoirí a fheiceáil
Wednesday, 14 April 2010

Is é an t-seachtain seo an seans deireanach do dhaoine atá ag iarraidh taispeántas a fheiceáil i Músaem Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil faoi chaibideal aige na h-iriseoirí a maraíodh ar fud an domhain agus iad i mbun a gcuid oibre. Is í Sabina Salim a chur an taispeántas seo le chéile - le cabhair ó iriseoirí agus lucht tacaíochta áitiúla. D'oscail Michael D.

 
<< Start < Prev 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Next > End >>

Results 21 - 30 of 355


Custom Search
Do you think the drink driving limit should be changed?
 
Great value beds and mattresses online in Ireland.

Sleep On Savings

Save on-line now with Mattress.ie »

Mattress.ie – a Bedzilla Company
Ireland & UK beds and mattress specialist.
Sealy beds and Sealy mattress stockists.