|
Wednesday, 10 March 2010 |
|
Tá Seachtain na Mac Léinn Gaelach ar siúl faoi láthair ag Cumann Sóisialta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an13 Márta 2010. Beidh mic léinn an Acadaimh ag cur imeachtaí sóisialta éagsúla ar siúl chun airgead a bhailiú ar mhaithe le Páirc Spraoi na Ceathrún Rua.
|
|
|
Wednesday, 10 March 2010 |
|
Tháinig RTé Raidió 1 go Baile Locha Riach le clár speisialta a thaifeadadh le scoth an cheoil traidisiúnta a léiriú sa chomharsanacht.
Cuireadh béim ar oidhreacht an cheoil maidir le Paddy Carty, Vincent is Peter Broderick go háirithe nuair a bhailigh dream iontach de cheoltóirí iontacha le chéile a sháódh gach blas traidisiúnta.
|
|
|
Wednesday, 10 March 2010 |
|
Tá sé fógartha ag GaelNua go mbeidh siad ag reachtáil cúrsaí Gaeltachta lae do pháistí ó Chathair na Gaillimhe, agus an Chontae féin, an Samhraidh seo - don dara bliain as a chéile.
Tá na cúrsaí seo dírithe ar pháistí atá ag iarraidh freastal ar Choláiste Samhraidh Gaeilge - ach nach dteastaíonn uathu fanacht amuigh thar oíche. D'éirigh go h-iontach leis an gcúrsa anuraidh agus is léir go bhfuil an-suime ann chun an cúrsa a reachtáil arís i mbliana.
|
|
|
Wednesday, 03 March 2010 |
|
Bhí dianscrúdú á dhEanamh ag RTE Raidió na Gaeltachta le seachtainí beaga anuas ar cheist na n-aifreann ar an stáisiún.
Rinneadh athruithe ar chraoladh an aifrinn ar an stáisiún i mí Eanáir de bharr ciorruithe buisEid agus foirne a d'eascair as na deacrachtaí atá ag RTE trE chEile le tamall anuas.
|
|
|
Wednesday, 03 March 2010 |
|
D'fhógair an tAire Eamon ó Cuív, TD, Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Bácús Uí Ghríofa mar bhuaiteoirí iomlán Ghradam Sheosaimh Uí ógartaigh ag searmanas speisialta in óstán Glenlo Abbey, Páirc na Sceach, ar an DEardaoin 25 Feabhra 2010. Fógraíodh go raibh Cuntasóirí Ryan McGinty, Páirc Theicneolaíochta na Gaillimhe.
|
|
|
Wednesday, 03 March 2010 |
|
Bhí deireadh seachtaine iontach ceoil agus siamsaíochta ar an gCeathrún Rua an tseachtain seo caite i ngeall ar an bhfEile carthannachta nua - Beofest!
I measc na ngrúpaí móra le rá a bhí ar stáitse i rith na deireadh seachtaine bhí na Hothouse Flowers, De Danann agus Oliver Devanney agus a chairde.
|
|
|
Wednesday, 24 February 2010 |
|
Beidh ócáid mhór á reachtáil ar an gCeathrú Rua an deireadh seachtaine seo chugainn, le trí lá de choirmeacha ceoil ó léithidí na Hothouse Flowers, Seán Keane, The Weightless Astronauts, Deartháireacha uí Mhaoilchiaráin agus neart eile - ar mhaithe le h-airgead a bhailiú do Chúram Ailse an Iarthair.
|
|
|
Wednesday, 24 February 2010 |
|
Seoladh 'Féile Raifteirí' le deireannas i bPáirc na Cúile, Gort Inse Guaire agus comóradh iontach leagtha amach thar dheireadh na seachtaine 26-28 Márta i mbliana. Déanfar ceiliúradh ar tréithe Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar amhránaí agus mar cheoltóir.
|
|
|
Wednesday, 24 February 2010 |
|
Is féile nua náisiúnta é Rith 2010 a bheidh ar siúl in éirinn, Márta 2010, i rith Sheachtain na Gaeilge, chun an Ghaeilge agus cultúr na héireann a chur chun cinn. Féile pobal bhunaithe atá i Rith 2010, ag rith i bhfoirm rás sealaíochta, ag tosú i mBéal Feirste agus ag taisteal breis is 1600km trí fhormhór na mbailte, na sráidbhailte agus na gcathracha is mó in éirinn.
|
|
|
Wednesday, 17 February 2010 |
|
Tá forás ollmhór tagtha ar ghnólachtaí dhátheangacha i gcathair na Gaillimhe - bhí sé seo le tabhairt faoi deara go maith mar fuair an painéal moltóireachta an-deacair gearrliosta de chomhlachtaí a roghnú do Ghradam Sheosaimh Uí ógartaigh. Tá réimse leathan de ghnólachtaí ar an ngearrliosta i mbliana a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ina gcuid gnólachtaí nó eagraíochtaí.
|
|
|
<< Start < Prev 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Next > End >>
|
| Results 1 - 10 of 325 |