Skip to content

Galway Independent

Home arrow Sections arrow Education arrow Páipéar a hAon Gaeilge
Páipéar a hAon Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 14 May 2008
Article Index
Páipéar a hAon Gaeilge
Page 2

An Alt Nuachtáin/Irise

Tá an alt nuachtáin / irise thar a bheith cosúil leis an aiste freisin. Tá an tús, lár agus críoch céanna ag teastáil anseo. Tá fíricí agus tuairimí ag teastáil chomh maith.
Cúnamh mór duit é a bheith ag léamh giotaí nuachta i nuachtáin agus in irisí Gaeilge as seo amach. Tá neart acu ar fáil sna siopaí ach dul á gcuardú!

An Díospóireacht/Óráid

An príomhdhifríocht idir an rogha seo agus an aiste is dócha ná gur caint dhíreach atá i gceist anseo. Caithfidh tú a shamhlú go bhfuil tú ag labhairt le slua. Caithfidh tú a bheith i bhfabhar an rúin nó ina aghaidh. Caithfidh tú do phointí a phlé leis an lucht éisteachta agus iad a mhealladh leat. Caithfidh tú dul i bhfeidhm orthu.

Seo cúpla téarma a bheadh feiliúnach don díospóireacht:

A Chaothaoirleach, a mholtóirí, a lucht an fhreasúra agus a lucht éisteachta…
Táim anseo inniu chun labhairt libh in aghaidh/i bhfabhar an rúin…
Léireoidh mise le linn na díospóireachta go bhfuil…
Léireoidh mé nach bhfuil dabht dá laghad…
Táim cinnte go n-aontóidh sibh liom…
Ag deireadh na díospóireachta…
Tá sé léirithe go soiléir agam nach bhfuil ciall ar bith le hargóintí an fhreasúra.
Go raibh maith agaibh as ucht cluas a thabhairt dom.

Tá an rud céanna i gceist leis an óráid. Caithfidh tú píosa cainte a thabhairt ag ócáid phoiblí nó ag cruinniú poiblí éigin. Caithfidh tú argóintí an dá thaobh den scéal a thabhairt. Tá an cheist seo an-fheiliúnach duit má tá taithí agat a bheith i ndrámaí scoile nó i ndíospóireachtaí. Ní bheidh stró ar bith ort leis!
Roinnt frásaí úsáideacha!

A dhaoine uaisle, táim anseo anocht chun labhairt libh faoi…
Ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar fhadhb fhadtéarmach atá againn anseo le fada an lá anois,…
Ainneoin an dul chun cinn…
Tá constaicí móra le sárú againn fós…
Féachaigí ar na fíricí agus na figiúirí…
Níl cothromaíocht dá laghad ag baint le…
A mhalairt ar fad atá fíor
Níl sé ar ár gcumas X a dhéanamh/a cheannach…

Ceist 2: Léamhthuiscint

Caithfear dhá shliocht a léamh agus ceisteanna a fhreagairt maidir leo.
Is fiú 70 marc an cheist seo.
Ní mór idir 40 – 45 nóiméad a chaitheamh ar gach léamhthuiscint.
Déan cinnte go léann tú na sleachta cúpla uair sula dtosaíonn tú ag freagairt na gceisteanna. Níl aon rogha i gceist anseo.
Déan iarracht, an méid agus is féidir, gach ceist a fhreagairt. Bíodh na freagraí i d’fhocail féin an oiread agus is féidir leat.
Léirigh do thuairim phearsanta má iarrann an cheist ort é sin a thabhairt.
Triail gan a bheith ag brath an iomarca ar an téacs.
Leag amach na freagraí go soiléir.
Déan cinnte go bhfuil uimhir nó litir ar gach freagra.

Seo a leanas cuid de théarmaíocht na gceisteanna

An aontaíonn tú leis?
Céard a speag an scríbhneoir…
Cén chomparáid a dhéantar idir X agus Y?
Cén fhianaise atá san alt gur…..?
De réir an chéad, an dara, an tríú ailt…
Luaigh deacracht/ tréith amháin…

Déan do dhícheall leis an bpáipéar seo agus ná déan dearmad ar an seanfhocal:

“NÍ BHÍONN SAOI GAN LOCHT!”



 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Visit our Games and puzzles section
Find your ideal job in Galway using our Galway Jobs listings.