Skip to content

Galway Independent

Home arrow Sections arrow Education arrow Páipéar a hAon Gaeilge
Páipéar a hAon Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 14 May 2008
Article Index
Páipéar a hAon Gaeilge
Page 2

Tá 170 marc ag dul do pháipéar a haon, sin le rá gur fiú suas le 30% den mharc iomlán é.

Is é seo a leanas an leagan amach:

Ceist 1: Ceapadóireacht

Caithfear ceann amháin acu seo a roghnú

A: Aiste
B: Scéal
C: Alt Nuachtáin/Irise
D: Díospóireacht/Óráid

Is fiú 100 marc an cheist seo, an cheist is mó marcanna.
Tóg d’am ag léamh na dteideal, caith 5- 10 nóiméad ag léamh an pháipéir ag tús an scrúdú.
Ní mór timpeall 80 – 90 nóiméad a chaitheamh ar an gceist seo ina iomlán.
Teastaíonn timpeall 500 – 600 focal, thart ar 3 leathanach san aiste, ní gá dul thar seo.

An Aiste

Roghnaigh an aiste is mó a fheileann duitse agus déan cinnte go dtuigeann tú an teideal ar fad, ní cuid de amháin!
Pleanáil d’aiste sula dtosaíonn tú á scríobh. Déan cinnte go bhfuil do chuid smaointe curtha ar pháipéar agat agus iad in ord agus in eagar. Is féidir an phleanáil seo a dhéanamh amach go garbh.
Caithfidh tús, lár agus críoch a bheith ag an aiste. Is féidir leis an gcéad alt a bheith aon rud ó trí líne go trí líne déag. Achoimre ghairid a bheidh san alt deireanach. Tugann tú na pointí arís agus do thuairim féin freisin má tá sé sin ag teastáil. Bheadh seanfhocal feiliúnach chun suimiú suas a dhéanamh. Is é corp na haiste an chuid is tábhachtaí ar fad. Teastaíonn timpeall trí nó ceithre alt le pointe amháin i ngach alt acu. D’fhéadfá dhá phointe a bheadh ceangailte lena chéile a chur in alt amháin uaireanta. Dhá phointe an uasmhéid san alt.
Cinntigh go bhfuil do chuid abairtí san aimsir is feiliúnaí. Seachain abairtí móra fada leadránacha. Go minic cailltear an pointe agus tá an chontúirt ann freisin go ndéanfaidh tú botúin bheaga ghramadaí. Coinnigh na habairtí gearr agus cruinn más féidir. Beidh 80 marc ag dul do chumas na Gaeilge agus 20 marc ag dul don ábhar agus do smaointe an phíosa.
Cloígh leis an teideal agus déan iarracht a bheith soiléir faoi na pointí a bheidh tú ag déileáil le.

An Scéal

Ní hionann a bheith ag scríobh scéil agus a bheith ag scríobh aiste. 
De ghnáth is ficsean ar fad a bhíonn anseo, is annamh a thugtar fíricí isteach ann. 
Tá an scéal ag brath go mór ar an tsamhlaíocht, caithfidh sé a bheith cruthaitheach. Feilfidh an cheist seo go mór duit má tá suim agat san scríbhneoireacht chruthaitheach.
Beidh rogha agat idir scríobh faoi sheanfhocal nó scríobh faoi mhothúchán éigin.
Díreach cosúil leis an aiste, déan cinnte go dtuigeann tú an teideal, go háirithe má tá sé i gceist agat tabhairt faoi sheanfhocal éigin. Mura dtuigeann tú é go hiomlán, fan glan ar!



 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Visit our Games and puzzles section
Find your ideal job in Galway using our Galway Jobs listings.