| Páipéar a Dó Gaeilge |
|
| Written by Staff Reporter | |||||
| Wednesday, 14 May 2008 | |||||
Page 3 of 3
Ceist 4: Stair na Gaeilge - 30 marcFaigheann tú rogha de shé ábhar anseo agus bíonn ort scríobh faoi dhá cheann ar bith acu. Tá réimse fairsing leathan le clúdú i Stair na Gaeilge. Seo a leanas cuid de na hábhair le féachaint ar:
An Rúraíocht
Go hiondúil is trí mhórphointe a bhíonn ag teastáil in aon ghearrchuntas i Stair na Gaeilge. Nuair a bhíonn liosta scríbhneoirí nó filí i gceist, bíonn rogha inmheánach ann. D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil cuid acu ar an gcúrsa litríochta don Ardteistiméireacht. Strong>Treoir Ama Níl anseo ach comhairle chun tú a choinneáil ar an mbóthar ceart. Caithfidh tú a bheith cúramach agus airdeallach gan an iomarca ama a chaitheamh ar aon cheist amháin. Déan cinnte go mbeidh uaireadóir agat nó go bhfuil an clog le feiceáil agat!
Tóg thart ar deich nóiméad ag léamh an pháipéir ag tús an scrúdaithe. Mar a dúirt mé cheana, níl anseo ach comhairle duit. Tá 3 uair agus 20 nóiméad agat anseo, sin 200 nóiméad chun 180 marc a bhaint amach. Coinnigh súil ar an am!! GO N-ÉIRÍ GO GEAL LEAT SNA SCRÚDUITHE AR FAD! |
|||||
| < Prev | Next > |
|---|