Skip to content

Galway Independent

Home arrow Sections arrow Education arrow Páipéar a Dó Gaeilge
Páipéar a Dó Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 14 May 2008
Article Index
Páipéar a Dó Gaeilge
Page 2
Page 3

Ceist 3: An Fhilíocht - 70 marc

Caithfear A nó B agus ceist C a fhreagairt anseo.

A: An Fhilíocht Ainmnithe

(i) Gealt?      le hÁine Ní Ghlinn
(ii) Níl Aon Ní     le Cathal Ó Searcaigh
(iii) Bímse Buan ar Buairt Gach Ló  le Seán Clárach Mac Domhnaill
(iv) Jack      le Máire Mhac an tSaoi
(v) Faoiseamh a Gheobhadsa   le Máirtín Ó Direáin

Freagair (a) agus (b) anseo

(a) Is ceist 20 marc atá i gceist anseo, bristear síos é i dhá chuid: 12 marc agus 8 marc. Tá rogha inmheánach idir dhá dhán ón liosta thuasluaite.

(b) Is ceist 15 marc atá i gceist anseo. Níl aon rogha anseo ó thaobh an dáin de. Tá rogha inmheánach maidir leis na ceisteanna ar an dán áirithe sin.

Baineann formhór na gceisteanna leis an bpríomhtéama, na mothúcháin is mó atá sa dán, na híomhánna a fheiceann tú, an chodarsnacht nó b’fhéidir an chomparáid, na meafair agus na samhlacha.
Beidh an dán clóbhuailte i gcónaí ar an bpáipéar scrúdaithe.

Tá an saghas céanna ceisteanna i gceist maidir leis an bhFilíocht Roghnach. Beidh ort teideal an dáin agus ainm an fhile a thabhairt anseo. Ní bheidh aon dán clóbhuailte ar an bpáipéar scrúdaithe.

C: Dánta Dualgais Breise  35 marc

Tá ocht ndán le clúdú sa gcuid seo den fhilíocht. Sa scrúdú, beidh rogha inmheánach agat idir dhá dhán acu seo a leanas.

(i)  Oíche Nollaig na mBan   le Seán Ó Ríordáin
(ii)  Dán do Mhelissa    le Nuala Ní Dhomhnaill
(iii)  An Chéad Dráma    le Seán Ó Coisdealbha
(iv)  An Mháthair     le Caitlín Maude
(v)  Úirchill an Chreagáin    le hArt Mac Cumhaigh
(vi) Maigdiléana    le Cathal Ó Searcaigh
(vii) An tOileán     le Deirdre Brennan
(viii)  Dá mb’Fhéidir arís dár gCumann le hEithne Strong



 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Visit our Games and puzzles section
Find your ideal job in Galway using our Galway Jobs listings.