| Páipéar a Dó Gaeilge |
|
| Written by Staff Reporter | |||||
| Wednesday, 14 May 2008 | |||||
Page 1 of 3 Tá 180 marc ag dul do pháipéar a dó, sin le rá gur fiú 30% den iomlán é. Is é seo a leanas an leagan amach: Ceist 1: Prós - 40 marcBeidh rogha agat idir an Prós Ainmnithe agus an Prós Roghnach. Má roghnaíonn tú an Prós Ainmnithe, caithfidh tú na ceisteanna ar an bhFilíocht Ainmnithe a fhreagairt freisin. Tá an rud céanna i gceist maidir leis an gCúrsa Roghnach. Má roghnaíonn tú an Prós Roghnach, caithfidh tú cloígh leis an bhFilíocht Roghnach freisin.
Seo a leanas an prós ainmnithe:
Bíodh eolas cruinn agat ar ábhair agus ar príomhthéama na scéalta. Tá dhá cheist próis le freagairt anseo.
(a) Ceist 25 marc
(b) Ceist 15 marc Ceist 2: Próstéacs Breise - 40 marcTá ceist amháin as A, B, C nó D le freagairt.
A: Gearrscéalta Tá rogha inmheánach in (a) agus (b).
B: Úrscéalta Tá rogha inmheánach in (a) agus (b).
C: Dírbheathaisnéisí Tá rogha inmheánach in (a) agus (b).
D: Drámaí Tá rogha inmheánach in (a) agus (b). Is cuma cén cheist a roghnaíonn tú anseo i gceist 2, An rud is tábhachtaí ná go mbeifeá in ann plé a dhéanamh ar na téamaí, ar na himeachtaí agus ar na carachtair. Déan cinnte nach mbeidh an iomarca achoimre á dhéanamh agat. Tabhair cuntas chuig pointe ar imeachtaí an téacs agus ar na buanna agus na lochtanna a théann leis dar leat. |
|||||
| < Prev | Next > |
|---|