Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Up and Coming
Up and Coming E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 August 2008

Up and Coming – Ó Ghlúin go Glúin is teideal d’albam nua de cheol traidisiúnta le hOisín agus Conal Hernon. Is as Árainn don bheirt cheoltóirí óga seo, deartháireacha nach bhfuil ach sé bliana déag agus trí bliana déag d’aois ach gur léir óna gcuid ceoil go bhfuil saibhreas agus tuiscint thar na bearta acu ar a gceird.

Is leis an bhfeadóg stáin a thosaíodar beirt amach ach níor mhoilligh siad rófhada leis sin nó gur thosaigh Oisín ar an gcnaipchairdín in aois a sé bliana, agus gur thosaigh Conal ar an mbainseó agus é naoi mbliana d’aois.

Is liosta le háireamh na boinn, duaiseanna agus Craobhanna na hÉireann atá buaite acu faoi seo, agus ceol seinnte acu ar ardáin ó cheann ceann na tíre, ceolchoirm d’airí agus d’uaisle an Aontais Eorpaigh i 2004 san áireamh, tráth a raibh uachtaránacht an Aontais ag Éirinn. Ar na foinn ar an albam tá dhá phort a chum Conal, ‘Port na Rinne Móire’ ainmnithe as baile a sheantuismitheoirí i gcathair na Gaillimhe, agus ‘Ansacht Philomena’ ainmnithe as a sheanmháthair.

Tá amhrán lena mháthair Marion, ‘Sean-Phádraic’, chomh maith le leagan uirlise d’amhrán nach mbeifeá ag súil lena chloisteáil ar albam de cheol traidisiúnta, b’fhéidir: ‘The Way I Are’ le Timbaland! Beidh Oisín agus Conal ag seinm sa seó Aistear Ceilteach – Celtic Passage, seó ceoil thraidisiúnta agus damhsa ar Inis Mór, i gcaitheamh an tsamhraidh.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?