Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Uachtarán an Oireachtais 2008 Insealbhaithe
Uachtarán an Oireachtais 2008 Insealbhaithe E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 20 February 2008

Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2008, Donnchadh Ó hAodha, ag searmanas speisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Dé Céadaoin, 6 Feabhra 2008.  Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas é an tUachtarán nua, fear ildánach a bhfuil aithne mhór air de bharr a chuid oibre i gcur chun cinn na Gaeilge, go háitiúil i gCúige Mumhan, agus go náisiúnta sna rólanna éagsúla a bhí aige i gConradh na Gaeilge thar na mblianta.

“Is mór an onóir dom glacadh leis an oifig seo,” a dúirt Donnchadh Ó hAodha, agus Slabhra an Uachtaráin á bhronnadh air ag Cathaoirleach an Oireachtais, Pádraig Mac Fhearghusa.  “Tá mé an-bhuíoch as an deis le bheith rannpháirteach san obair mhór atá ar siúl ag Oireachtas na Gaeilge i gcur chun cinn na n-ealaíona dúchasacha agus na nua-litríochta Gaeilge.  Tá sé tráthúil gur i gCorcaigh a bheidh féile mhór an Oireachtais i mbliana, Oireachtas na Samhna, agus, mar atá cruthaithe againn cheana, is suíomh iontach nádúrtha é seo don fhéile náisiúnta is láidre sa tír.” Tá Donnchadh Ó hAodha ina Bhainisteoir Ginearálta ar Áras na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá sé ina Chathaoirleach, thar ceann Uachtarán an Choláiste, ar Bhord Gaeilge na hOllscoile.

“Is fada Donnchadh Ó hAodha ag tacú le hOireachtas na Gaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “agus is cinnte nach bhfuil duine níos fearr ná é le spiorad beoga, croíúil an Oireachtais a chur chun cinn sa bhliain amach romhainn.”

Thréastaigh Ardmhéara Chorcaigh, an Comhairleoir Dónal Counihan, a cheapachán leis an Uachtarán nua agus gheall sé fáilte agus fiche do na mílte a bheadh ag triall ar Chorcaigh ag deireadh na bliana d’Oireachtas na Samhna.

Tá Donnchadh ó hAodha ag teacht i gcomharbacht ar Thadhg Mac Dhonnagáin a chaith tréimhse rathúil mar Uachtarán an Oireachtais 2007.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you have faith in Galway's water?