News
Béal a Phobail
Tuismitheoirí na Gaeltachta ag lorg cabhrach an phobail | Tuismitheoirí na Gaeltachta ag lorg cabhrach an phobail |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 16 January 2008 | |
|
Tá achainí náisiúnta seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Eagraíochtaí Gaeltachta ag lorg tacaíochta náisiúnta don Oideachas trí Ghaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Beidh an Achainí fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha lena n-áirítear FOINSE agus LÁ NUA maraon le suíomh gréaáin gaelport.ie, a bheidh ag lorg tacaíochta do Pholasaí Gaeilge Phobalscoil Chorca Dhuibhne,mar a aontaíodh d'aon ghuth ag cruinniu tuismitheoirí ar an 24 Eanáir 2006. Tá an eagraíocht ag iarraidh ar mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge, pé áit ina bhfuilid sa tír, seasamh leo i gcoinne iarrachtaí an Aire, oideachas trí Bhéarla a bhrú ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne trí shuirbhé. Dár leis an eagraíocht, má tá scoil Bhéarla á lorg ag daoine eile, níl éinne ag cur stop leo ná leis an Roinn Oideachais, ach ní cheart sin a dhéanamh in áit oideachas trí Ghaeilge do leanaí na Gaeltachta. |
| < Prev | Next > |
|---|