Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Teastas Eorpach na Gaeilge le fáil ó Chonradh na Gaeilge
Teastas Eorpach na Gaeilge le fáil ó Chonradh na Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 26 March 2008

An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B’fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?

Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh an t-Earrach seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge.

Bunaithe ar na ranganna agus ar na h-imeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith na bliana, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil Mhaigh Nuad.

Tá ard thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt cúnaimh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada. Maidir lena ranganna féin beidh siad ar fáil ag leibhéil éagsúla ó Ghlánthosaitheoirí go dtí an Ardleibhéal. Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhicléinn.

Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muinín ag forbairt; an tuiscint agus an labhairt ag feabhsú i ranganna néamhfhoirmiúil leis an bhéim ar an Ghaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear i ngnáthcháint.

Tá cuireadh ag foghlaimeoirí bheith linn i gClub Árus na nGael le páirt a ghlacadh i réimse leathan ócáidí sóisialta chun an Ghaeilge a chleachtadh. Beidh méadú freisin ar an réimse imeachtaí a eagrófar chun deiseanna a thabhairt do lucht na ranganna an Ghaeilge atá á fhoghlaim acu a úsáid agus cur lena muinín in úsáid na teanga.

Déanaigí cinnte go mbeidh bhur ranganna Gaeilge curtha ináirithe in am mar tá uasmhéid ar an líon daoine i ngach rang. Is ar oíche Luain 31 Márta 2008 ag 8.00in a bheidh an clárúchán ar siúl do ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú arís ar an Luan 7 Aibreáin 2008.

Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnóna amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567824 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it .


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?