News
Béal a Phobail
Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil O Chonradh na Gaeilge, Gaillimh | Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil O Chonradh na Gaeilge, Gaillimh |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 10 January 2007 | |
|
An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim on tús no an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach? Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil o Chonradh na Gaeilge, Gaillimh an Fomhar seo agus den chéad uair riamh beidh fáill ag daoine cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge. Bunaithe ar na ranganna agus ar na h-imeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith na bliana, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil Mhaigh Nuad. Tá ard thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt cúnaimh d'fhoghlaimeoirí le blianta fada. Maidir lena ranganna féin beidh siad ar fáil ag leibhéil éagsúla o Ghlán Thosaitheoirí go dtí an Ardleibhéal. Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gconaí le béim mhor ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhicléinn. Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muinín ag forbairt; an tuiscint agus an labhairt ag feabhsú i ranganna néamhfhoirmiúil leis an bhéim ar an Ghaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear i ngnáthcháint. Tá cuireadh ag foghlaimeoirí bheith linn i gClub Árus na nGael le páirt a ghlacadh i réimse leathan ocáidí soisialta chun an Ghaeilge a chleachtadh. Beidh méadú freisin ar an réimse imeachtaí a eagrofar chun deiseanna a thabhairt do lucht na ranganna an Ghaeilge atá á fhoghlaim acu a úsáid agus cur lena muinín in úsáid na teanga. Déanaigí cinnte go mbeidh bhur ranganna Gaeilge curtha ináirithe in am mar tá uasmhéid ar an líon daoine i ngach rang. Is ar oíche Luain 15 Eanáir 2007 ag 8.00in a bheidh an clárúchán ar siúl do ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú arís ar an Luain 22 Eanáir 2007. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnona amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais no tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567 824 no This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it |
| < Prev |
|---|