News
Béal a Phobail
Taispeántas Elaine Conneely i Músaem Cathrach na Gaillimhe | Taispeántas Elaine Conneely i Músaem Cathrach na Gaillimhe |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 11 February 2009 | |
|
Tá taispeántas nua ealaíne i Músaem Cathrach na Gaillimhe faoi láthair ó Elaine Conneely, a chuireann áilleacht Chois Fharraige go mór faoi bhráid an phobail, le pictiúirí ildaite, ola ar chanbhás, d'áiteanna bhreátha ar nós bóithrín na reilige in Indreabhán. Is as Nua Amhrac ó dhúchás í Elaine ach phós sí fear ón Spidéal agus d'fhill siad beirt, agus a clann, ar Chois Fharraige trí bliana déag ó shin. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag múineadh ranganna ealaíne sa gceantar agus go deimhin bhí an-tóir uirthi mar mhúinteoir ach tuairim's dhá bhliain ó shin shocraigh sí éirígh as an mhúinteoireacht chun díriú go h-iomlán ar shaothar nua a chruthú. Tá Músaem na Cathrach ag tabhairt chuile dheis do dhaoine pictiúr a cheannach ar bhealach nach gcuireann as póca éinne - is féidir €100 a chur síos ar an lá agus an chuid eile a íoc thar thréimhse míonna. Beidh an taispeántas ar oscailt go h-oifigiúil ar an Satharn, 21ú Feabhra, ag a 2in, agus tá fáilte roimh chách. |
|
| < Prev | Next > |
|---|