Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Tairiscint Speisialta - Special Offer
Tairiscint Speisialta - Special Offer E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 18 June 2008

Tá an comhlacht foilsitheoireachta An Clóchomhar ag foilsiú leabhair Ghaeilge le caoga bliain i mbliana agus mar cheiliúradh ar an ócáid tá An Clóchomhar, i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta, ag tairiscint beart 130 leabhar ar €350.

Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag An gClóchomhar as an tsraith luachmhar ‘Imleabhair Thaighde’, ina bhfuil céad imleabhar faoi seo, ach chomh maith leis sin tá réimse leathan próis (úrscéalta, gearrscéalta, aistí, beathaisnéisí, léachtaí, cuimhní cinn, srl.) chomh maith le filíocht, amhráin agus drámaí foilsithe acu.

Is deis eisceachtúil atá anseo do leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór agus ós rud é go bhfuil roinnt de na teidil seo beagnach imithe as cló faoi seo agus nach móide go mbeidh fáil orthu arís ní mór an deis seo a thapú láithreach bonn! Tá an tairiscint seo teoranta don chéad 25 ordú a fhaigheann muid, nó d’orduithe a bheidh faighte againn faoin 27 Meitheamh, muna bhfuil na pacáistí uilig díolta faoi sin.
Tá an liosta leabhar iomlán le fáil anseo ag www.cic.ie


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?