News
Béal a Phobail
Tóstal na Gaeilge | Tóstal na Gaeilge |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 January 2008 | |
|
Beidh Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge 2008 ar siúl in Óstán an Galway Bay, Gaillimh ar an 22-23 Feabhra 2008. Is é seo an deis is mó do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach. ‘Fíorú na Físe’ an teideal atá ar Thóstal na bliana seo, agus beidh na mórchuspóirí atá aitheanta ag an Rialtas ina Ráiteas i leith na Gaeigle á phlé lena linn. Cuirfear tús leis na himeachtaí le béile an Tóstail ar oíche Dé hAoine, agus déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív an ócáid a oscailt go hoifigiúil ina dhiaidh. I rith an Tóstal, beidh mórghníomhairí agus saineolaithe na hearnála ag díriú ar eochair-réimsí na Gaeltachta, Oideachais, agus cur chun cinn na Gaeilge sa phobail, agus déanfar plé poiblí ar na hábhair seo in atmaisféar oscailte, cuimsitheach agus torthúil. Ag eascairt as plé an Tóstail, tiocfaidh moltaí bunriachtanacha le cur san áireamh sa straitéis 20 bliain atá beartaithe. Is féidir tuilleadh eolais faoi na cainteoirí, faoi na hábhair a bheidh á bplé, agus faoi chúrsaí lóistín a fháil ar www.tostal.ie. Is féidir ticéid a cheannach le cárta creidmheasa trí This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it nó thar an bhfón trí ghlaoch a chur ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 01 679 4780, agus feicfimid i nGaillimh sibh ar an 22 agus 23 Feabhra. |
| < Prev | Next > |
|---|