Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Tá an Rás do Threibh Nua na Gaillimhe faoi lánseol
Tá an Rás do Threibh Nua na Gaillimhe faoi lánseol E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 February 2008

Tá an próiseas moltóireachta faoi lánseol anois do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2007, atá eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirt leis an Galway Advertiser agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le tacaíocht speisialta ó Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta. Tugann an Gradam bliantúil seo aitheantas do chomhlachtaí agus d'eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe.

Gach bliain déantar forbairt nua agus athnuachan ar an nGradam agus i mbliana, tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge fáilte a chur roimh a gcomhpháirtí nua; Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe atá ag tacú agus ag forbairt gné nua den Ghradam “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh”. Is comhartha ar ardchaighdeán agus sármhaitheasa sa dátheangachas atá anseo do na buaiteoirí - a bheidh le feiceáil ar a gcuid stáiseanóireachta, bróisiúr agus ar a láithreáin ghréasáin tar éis dóibh buachan. Beidh “Séala Oifigiúil Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh” á sheoladh ag Méara na Gaillimhe Tom Costello ar an 31 Eanáir 2008 ag preasócáid in oifigí Chumann Tráchtála na Gaillimhe ag 12.30 i.n. Cuirfidh an ócáid seo tús le ceiliúradh ar 21 bhliain i ngnó do Ghaillimh le Gaeilge!

Go n-éirí an t-ádh leo siúd ar fad atá ag glacadh páirt sa gcomórtas.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?