Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Spraoi is Saoirse na Scoile
Spraoi is Saoirse na Scoile E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 25 June 2008

Bhí scléip is spleodar ag scoláirí óga i mBaile Locha Riach agus deireadh tagtha le scoilbhliain 2007/8.

Bhí turais scoile eagraithe thart sa chomharsanacht, cuid acu ag dul ag pléidhcíocht in ionad súgartha i gcathair na Gaillimhe, cuid eile ar thuras stairiúil ar an tSionnainn go Cluain Mhic Nóis, agus a thuilleadh ar thar farraige leo go Inis Meáin.

Is cosúil gur bhain idir mhúinteoirí agus daltaí sult agus taitneamh as an mhéid a bhí curtha i gcrích i rith na bliana agus neart foghlamtha ag daltaí leis.

Mar chlabhsúr ar imeachtaí na bliana, bhí imeachtaí breise ceiliúrtha eagraithe ag Gaelscoil Riabhach. Bhí dioscó ghaelach eagraithe ag pobal na scoile a thug deis do na daltaí cluas a thabhairt l’éisteacht lena leithéid de Kíla, Horslips, Maimín Cajún Band, Bréag is go leor eile is iad amuigh ar úrlár damhsa is cruthanna éagsúla orthu.

Bhí lá speisialta eagraithe ina raibh Fáinní airgid bronnta ar na Gaeil is cumasaí sa scoil agus stádas ar leith bainte amach acu. Bhí oíche comórtha eagraithe do lucht Rang 6 agus iad ag fágáil na scoile. Bhí deis tugtha dóibh cur síos a dhéanamh ar ocht mbliain caite acu ar scoil dá chairde, dá thuismitheoirí is dá mhúinteoirí. Cinnte, caithfaidh a admháil go raibh deoiríní beaga le feiceáil i súile agus cuid tuisceanach go raibh deireadh lena ré ag Gaelscoil Riabhach.

Mar aon leis sin, tháinig tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus cairde Ghaelscoil Riabhach le chéile le Lá Spóirt agus Fête a bheith acu. Bhí craic agus spraoi ag gach duine i láthair. Bhí rásaí de gach sórt i rith an lá spóirt agus bonn bronnta ar gach uile dalta a ghlac páirt. Bhí seans ag na tuismitheoirí is na múinteoirí a bheith i gcomórtas lena chéile fosta... cuid acu an-comórtasach cinnte!

Nuair a bhí na rásaí thart, bhí deis ag cách sult a bhaint as an Fête a bhí eagraithe ag tuismitheoirí. Bhí rogha de gach ciste milis agus rogha breá di ar fáil leis.

Bhí cluichí éagsúla eagraithe ag Coiste na nDaltaí, aghaidheanna péinteáilte, réimse earraí ar dhíol ag seastáin agus brabús beag déanta ag Coiste na dTuismitheoirí ar mhaithe l’imeachtaí breise a eagrú sa scoilbhliain seo chugainn.

Bhí lucht an Naíonra, múinteoirí, daltaí is pobal gaelach Locha Riach iontach sásta as an lá mór siamsaíochta. Faraor, bhí cuid de na daltaí rud beag brónach ag smaointiú go mbeidh an scoil anois dúnta thar an samhradh!


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?