News
Béal a Phobail
Soilse na Gaeilge don Nollag | Soilse na Gaeilge don Nollag |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 07 November 2007 | |
|
Fáiltíonn Gaillimh le Gaeilge roimh fhógra an Aire Éamon Ó Cuív, Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag ceadú deontas de €57,750 chun cuidiú le Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe soilse na Nollag i nGaeilge a chrochadh ar fud na Cathrach. Oibríonn Gaillimh le Gaeilge leis an lucht gnó den chuid is mó, ag moladh dóibh an Ghaeilge a úsáid agus ar an gcaoi sin ag déanamh cathair na Gaillimhe uathúil agus difriúil. “Bhí áthas orainn nuair a chuir Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe in iúl dúinn go raibh siad chun an Ghaeilge a úsáid i Soilse nua na Nollag" a deir Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge. “Is deis iontach í seo le Gaillimh dhátheangach a chur os comhair an tsaoil agus infheistíocht fháilteach sa chathair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta de bharr úsáid na Gaeilge". Chuir Cathaoirleach Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe fáilte roimh an fhógairt chomh maith agus dúirt; “Is é ceann de na haidhmeanna atá ag gnólachtaí i nGaillimh ná a gnólachtaí agus tairgí a chur chun cinn i nGaeilge agus Béarla agus Cathair Dhátheangach a chruthú. Creidimid gur ceann de na céimeanna is soiléire ná Frásaí Gaeilge a úsáid i gcuid de ár soilse Nollag” |
| < Prev | Next > |
|---|