News
Béal a Phobail
Slógadh Eachtaí | Slógadh Eachtaí |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 23 April 2008 | |
|
D’éirigh go hiontach leis an 3ú Slógadh Eachtaí a tháinig le chéile i nGráig na Muilte Iarainn in Oirdheisceart na Gaillimhe 19 Aibreán ’08. ![]() Monica Hynes, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Ghráig na Muilte Iarainn, Dermot Moran is Máire Ní Cheallaigh Stiobhaird ón choiste Slógadh Eachtaí agus Dr Anita Donaghy, Birdwatch Ireland. Bhí breis agus céad duine ag freastal ar an ócáid ó ghrúpaí cultúrtha, stairiúla, oidhreachta is timpeallachta ó dheisceart na Gaillimhe agus ó thuaisceart an Chláir. Is le tacaíocht ó ghrúpaí nasctha le www.aughty.org. Comhar Creidmheasa Naomh Breandán agus Gaeilge Locha Riach a d’éirigh le Slógadh Eachtaí a theacht le chéile i mbliana. Gan amhras, bhí ceiliúradh déanta ar phobal, chúlra is ar na tréithe iontacha a bhaineann leis an chomharsanacht sléibhtiúil seo. Ar ndóigh, bhí deis ag na grúpaí na nascanna eatarthu a neartú is léachtanna speisialta agus seisiúin cainte dírithe ar théamaí stairiúla is oidhreachta i gceantar sléibhtiúil ‘Sliabh Eachtaí’. Chuir Monica Hynes tús l’imeachtaí an lae agus í ag caint ar an obair atá idir lámha aici agus taighdí ginealacha a chur i gcrích ag Ionad Oidhreachta Ghráig na Muilte Iarainn. Cuireadh spéis ar leith i léacht Dr. Anita Donaghy, ‘Birdwatch Ireland’ agus béim ar leith tugtha sa chaint uaithi ar an traonach a chaomhnú in Éireann atá go mór i mbaol. Léirigh sí go raibh timpeall 24 éanacha éagsúla i gcontúirt sa tír agus an t-ádh ar cheantar Sliabh Eachtaí go raibh cuid ón liosta sin le fáil sa chomharsanacht. Ní amháin sin ach thug sí treoir iontach do dhaoine maidir le éanacha a mhealladh chun a gairdíní féin. Ba mhór an spreagadh i dtreo shaibhreas na Gaeilge a thug Tamas Peterváry don lucht éisteachta. Is ón Ungáir ó dhúchais dó agus é ag obair anois mar sheandálaí in Éirinn le cúpla bliain. De bharr a spéise i logainmneacha, d’fhoghlaim sé Gaeilge le tuiscint níos cruinne a bheith aige ar dhinnsheanchas na tíre. Thug sé léargas ar leith ar cheird na seandálaíochta, tábhacht na logainmneacha is ar mhiotaseolaíocht na háite. Chríochnaigh imeachtaí an tráthnóna agus ceiliúradh ar oidhreacht an cheoil traidisiúnta i gcomharsanacht Sliabh Eachtaí. Bhí an méid seo curtha i láthair ag Michael Fahy, CCÉ Bhaile Locha Riach agus cur i láthair uaidh féin is óna chairde ar cheol an cheantair atá beo bríomhar go fóill. Bhí go leor cairde ina cuideachta leis an cheol a sholáthar don slua; ceoltóirí Niamh agus Órla Ní Fhathaigh, Teresa Conroy, Anthony Coen, Tommy Ward is John Joe Forde. Bhí portaireacht béil ó Michael Rafferty agus damhsa ar an tsean-nós le Tommy Moran. Is cosúil gurbh é an t-aon gearán a bhí ag Slógadh Eachtaí ná gur tháinig deireadh l’imeachtaí an lae ró-luath. |
| < Prev | Next > |
|---|