Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Seoladh ‘Fáinne Fí Fífí’
Seoladh ‘Fáinne Fí Fífí’ E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 05 March 2008

Oíche mhór mhaith a bhí ann in Áras na nGael sa Ghaillimh an Déardaoin seo thart nuair a sheol Ré Ó Laighléis an t-úrscéal Fáinne Fí Fífí leis an údar óg Meadhbh Ní Eadhra. MÓINÍN a d’fhoilsigh an leabhar - comhlacht a bhfuil an Laighléiseach ina chombhunaitheoir air agus a bhfuil sé anois mar ionadaí na scríbhneoirí ar bhord an chomhlachta chéanna. Bhailigh lucht na Gaeilge, lucht an oideachais, lucht na litríochta agus mórán eile nach iad isteach san Áras don ócáid agus ba mhaith an rud é nár tháinig níos mó ná iad, mar bhí brú spáis ann mar a bhí. Is dea-thuar é seo do thodhchaí leabhar Mheadhbh agus do litríocht na Gaeilge i gcoitinne.

Ag labhairt dó ar an saothar is déanaí ó pheann Mheadhbh, thagair an Laighléiseach, ach go háirithe, don úire stíle a bhaineann leis mar shaothar agus do ghné Eorpach an úrscéil seo atá suite in Eilbhéis na hEorpa. Dúirt sé gur lóchrann é seo atá tagtha ag am a bhfuil práinn ag méadú i dtaobh phrós na Gaeilge ag leibhéil éagsúla an oideachais. Thathain sé ar mhúinteoirí dara leibhéal na tíre aghaidh a thabhairt ar leithéid Fáinne Fí Fífi seachas a bheith ag dul i mbun na ndíolamaí a chuirtear ar fáil, a thugann le fios, a dúirt sé, “nach bhfuil i litríocht na Gaeilge ach blúiríní beaga de scríbhinní.” Agus mhol sé leithéidí Roinn na Gaeilge in Ollscoil Mhagh Nuad agus Ollscoil na Gaillimhe as gaois a bpolasaithe i dtaobh úsáid an phróis chomhaimseartha ar a gcúrsaí liteartha.

Ar ndóigh, ba í Meadhbh féin réalt na hócáide agus b’iontach mar a d’iompraigh sí an réaltachas léi. Labhair sí go breá ar ghiniúint an tsaothair agus ar thacaíocht Bhord na Gaeilge léi i scríobh an úrscéil. D’inis sí don chomhluadar mar a cheadaigh an Bord tréimhsí printíseachta di faoi Scéim na nOidí leis na scríbhneoirí Iarla Mac Aodh Bhuí agus Ré Ó Laighléis agus í ag forbairt an tsaothair. Ar deireadh, léigh sí go spreagúil ón saothar - dóthain agus a chuirfeadh goile ar an éisteoir tabhairt faoin leabhar. Agus, mar chlabhsúr ar a cuid cainte, thathain sí ar an slua mór a bhí i láthair tabhairt faoin leabhar a cheannach agus a léamh.

Tá an leabhar ar fáil ar €9 i siopaí leabhar; ó ÁIS, 31 Sráid na bhFiníní, BÁC 2, Fón 01 661 6522; nó díreach ó MÓINÍN (p&p saor) ag MÓINÍN, Loch Reasca,

Baile Uí Bheacháin [Ballyvaughan], Co. an Chláir, Fón 065 707 7256; ephost This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you have faith in Galway's water?