News
Béal a Phobail
Seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil o Mhalartán OÉ Gaillimh | Seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil o Mhalartán OÉ Gaillimh |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 14 February 2007 | |
|
5 Feabhra: Mar chuid de chur i bhfeidhm Scéim Teanga na hOllscoile a aontaíodh mar chuid d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuirfear seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil do chustaiméirí a ghlaonn ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh custaiméirí in ann teacht ar an tseirbhís nua on 1 Feabhra 2007 ar aghaidh. Is í príomh aidhm na Scéime ná go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimse na hacadúlachta, an riaracháin agus na seirbhíse ginearálta. Nuair a aontaíodh an Scéim le hOifig an Choimisinéara Teanga, earcaíodh beirt Fheidhmeannach Teanga go speisialta chun an Scéim a chur i bhfeidhm. Chas na Feidhmeannaigh Theanga mar Aonad Iniúchta le comhaltaí foirne i gceithre spriocroinn go dáta, comhaltaí foirne an mhalartáin ina measc. Tá an t-athrú do choras an mhalartáin mar chuid de thoradh an phroisis seo. Seo mar a labhair Uachtarán na hOllscoile, An Dr Iognáid O Muircheartaigh "Ní bheidh le déanamh ag an gcustaiméir ach an tseirbhís a éileamh trí chnaipe a bhrú. Mura mbeidh an coras uathoibríoch in ann cuidiú leis an gcustaiméir, beidh an custaiméir in ann labhairt le hoibreoir malartán a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici." Lean an tUasal O Muircheartaigh "Tá dualgas faoi leith orainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge i gcoitianta. Tá teanga na Gaeilge lárnach d'fhís fhadtréimhseach na hOllscoile agus táimid an bhuíoch de lucht bainistíochta, teicneoirí agus oibreoirí de chuid an mhalartáin as ucht an tseirbhís iontach seo a chur ar fáil. Mar gheall gurb é an malartán an chéad phointe teagmhála leis an bpobal, tá sé seo thar a bheith tábhachtach. " Mar fhocal scoir dúirt an tUachtarán " Ní dhéanfar aon athrú ar an gcoras a fhreastaloinn ar chustaiméirí a roghnaíonn seirbhís trí mheán an Bhéarla. Ní bheidh le déanamh ag an gcustaiméir a bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge uaidh/ uaithi ach uimhir a ceathair a bhrú ag tús chlár an mhalartáin. Cuireadh a leithéid de sheirbhís dhátheangach ar fáil le linn saoire na Nollag agus fuarthas aischothú thar a bheith dearfach o chustaiméirí an mhalartáin. Tá súil againn go gcuideoidh soláthar na seirbhíse nua seo lenár gcustaiméirí uile. Beidh feabhas ag teacht ar sheirbhísí i gcoitianta trí Ghaeilge san Ollscoil mar chuid de chur i bhfeidhm na Scéime agus déarfainn le pobal na Gaeilge is libhse na seirbhísí seo , éilígí iad." Le aghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Dáithi O Madáin, Áras na Gaeilge ag 091-495449 no rphost ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it no Lisa Ní Fhlatharta, Áras na Gaeilge ag 091 495451 no rphost ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it |
| < Prev | Next > |
|---|