News
Béal a Phobail
Seans deireanach cur isteach ar Choláiste Samhraidh | Seans deireanach cur isteach ar Choláiste Samhraidh |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 21 May 2008 | |
|
Tá an samhraidh buailte orainn arís agus alán páistí ag fáil réidh chun dul ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht. Is léir go bhfuil borrardh mór tagtha ar thionscail na gColáistí Samhraidh i ngeall ar an méid suime atá á chur sa Ghaeilge le gairid agus freisin i ngeall ar an tábhácht atá léi ó thaobh an Achta Teanga agus dul chun cinn TG4. Cé go bhfuil an-chuid áiteanna imithe sna Coláistí Samhraidh ar fud Chonamara is léir go bhfuil páistí fós in ann áiteanna a fháil ar chúrsaí ar fud Chonamara. Ceann de na Coláistí atá tar éis fógairt go bhfuileadar ag glacadh go fóill le roinnt páistí do chúrsaí B agus C is ea Coláiste Aodáin ar an gCeathrú Rua - Coláiste a bunaíodh le gairid agus a chuireann an bhéim ar chúrsaí spóirte agus ar chúrsaí forbartha phearsanta. Seo an dara bhliain de Choláiste Aodáin a bheith ar an bhfód agus is léir go bhfuil fás cuimsitheach déanta ag an gColáiste sa bhliain sin - maraon le alán Coláistí Samhraidh ar fud na tíre. Is féidir spás a chur in áirithe do Choláiste Aodáin tré glaoch a chur ar an uimhir 044 9349102. |
| < Prev | Next > |
|---|