News
Béal a Phobail
Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe | Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 05 September 2007 | |
|
Tháinig Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus Gaeilge Locha Riach le chéile le linn Sheachtain Oidhreachta le roinnt imeachtaí a eagrú ar mhaithe le tábhacht oidhreacht an cheantair a ardú.
D’eagraíodh siúlóid sléibhe thart ar Sliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn in Oirthear na Gaillimhe. Tugadh treoir ar an cheantar, ar na suíomhanna oidhreachta sa chomharsanacht, ar dúlra na háite agus béim ar leith ar na crainn éagsúla is na foinsí uisce ann. Cuireadh síos ar stair, cultúr is nósanna an cheantair leis agus tagairtí áirithe do choill Dhoire na Cráige, don tobar naofa ann agus do Raifteirí sa cheantar leis.
Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil sa Comhar Creidmheasa ina dhiaidh agus plaiceanna cuimhniúcháin is teastais bronnta ar na foirne lena d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart.
Chríochnaigh imeachtaí Sheachtain Oidhreachta i mBaile Locha Riach nuair a nochtaíodh leacht cuimhneacháin in ómós cách a bhí curtha i Poll Rua Boic ar imeall Locha Riach ó na meán-aoiseanna ar aghaidh. Tuigtear go bhfuil a leithéid de reiligí le fáil i ngach aon paróiste in Éirinn ach le forbairtí atá ar siúl, bhí baol ann go mbeadh an reilig áirithe seo ligthe i ndearmad agus Baile Locha Riach ag fás i rith an ama. Cuimhníodh go speisialta ar na leanaí curtha thart faoi sceach gheal sa pháirc uaigneach, cuid acu curtha go rúnda lár na hoíche. |
| < Prev | Next > |
|---|