Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Seachtain Oidhreachta ag Teacht
Seachtain Oidhreachta ag Teacht E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 13 August 2008

Tá Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus Gaeilge Locha Riach ag comhoibriú arís i mbliana le linn Sheachtain Oidhreachta le roinnt imeachtaí a eagrú ar mhaithe le tábhacht oidhreacht an cheantair a ardú.

Tá Oíche Oidhreachta eagraithe go speisialta sa Chomhar Creidmheasa Déardaoin 28 Lúnasa @ 7.30 i mBaile Locha Riach le cúrsaí oidhreachta a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Tugtar cuireadh oscailte do ghrúpaí is do dhaoine aonaracha a bhfuil spéis acu a bheith i láthair le cluas a thabhairt l’éisteacht leis an mhéid a bhéas le rá ag Tamas Paterváry, seandálaí,  i dtaobh logainmneacha na háite, an Dochtúir Anita Donaghy, Birdwatch Ireland, i dtaobh éanacha an cheantair agus Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige i dtaobh stair teaghlaigh in Oirthear na Gaillimhe.

Tá Siúlóid Sléibhe eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn idir 2.00 agus 5.00 i.n. Satharn 30 Lúnasa. Tiocfaidh daoine le chéile ag an mheánscoil don siúlóid. Beidh Dermot Moran, staraí áitiúil, a bhéas i gceannas ar an shiúlóid seo a stiúradh. Is imeacht do theaghlaigh é seo agus tabharfar treoir ar an cheantar, ar na suíomhanna oidhreachta sa chomharsanacht, ar dúlra na háite agus béim ar leith ar na foinsí uisce ann. Cuirfear síos ar stair, cultúr is nósanna an cheantair leis.

Ar an Domhnach, 31 Lúnasa, tá Toraíocht Taisce eagraithe thart ar an bhaile cois locha ag toiseacht ag oifigí Gaeilge Locha Riach @ 3.00.  Bhí beagnach ceithre scór duine páirteach san imeacht seo anuraidh agus moltar do dhaoine foirne a clárú go luath.

Ba cheart go mbeidh go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna a aimsiú thart ar Bhaile Locha Riach. Ní amháin sin ach ba chóir go mbeidh siad ag foghlaim fá shuíomhanna oidhreachta is ag cur aithne níos fearr ar stair is dúlra an bhaile. Cuirfear deochanna agus smailceanna bia ar fáil agus bronnfar duaiseanna sa Comhar Creidmheasa i mBaile Locha Riach ag 5.00 i.n.

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais i dtaobh na himeachtaí ar fad ar fáil ag Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin nó ag Gaeilge Locha Riach (091) 841773.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?