News
Béal a Phobail
Seachtain na Gaeilge i Músaem na Cathrach | Seachtain na Gaeilge i Músaem na Cathrach |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 05 March 2008 | |
|
Tá sraith imeachtaí á reachtáil ag Músaem Cathrach na Gaeilge an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn chun Seachtain/Coicís na Gaeilge a cheiliúradh. I measc na n-imeachtaí beidh léachtaí ar leigheasóirí thraidisiúnta, ar an t-ádh i dtraidisiún na nGael agus cúrsa Gaeilge d'eachtrannaí. Déardaoin seo ag teacht, 6ú Márta, ag a hocht an chlog, tabharfaidh Cian Marnell ón GMIT léacht ar 'Leigheasóirí Thraidisiúnta Chontae na Gaillimhe'. Beidh an léacht seo saor in aisce, uair go léireoidh Cian críonnacht ár sinsir i leith cúrsaí leighis. Ar an Satharn, 8ú Márta, ag a trí an chlog, tabharfaidh an saineolaí Caitríona Hastings léacht thaitneamhach ar an t'ádh agus an mí-ádh i dtraidisiún na nGael. Arís beidh an léacht seo saor in aisce. Ansin, seachtain ó Aoine seo (14ú Márta), idir 12-2in, cuirfear tús le cúrsa Gaeilge d'eachtrannaí. Seo cúrsa atá saor in aisce agus a bheidh dírithe ar an teanga a chur i láthair d'eachtrannaí don chéad uair. Ní mór áit a chur in áirithe don chúrsa tré glaoch a chur ar 091 532460. Beidh coirmcheoil mhór sa mhúsaem chomh maith ar an 13ú Márta, 8in, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Naomh Pádraig. I measc na n-aoíanna speisialta a bheidh i láthair anseo beidh Tom Cullivan, Michael Hannon, Eamonn Rabittle agus Elena Tekker. Cosnóidh ticéid €15 agus ní mór áit a chur in áirithe tré glaoch a chur ar 091 532460. |
| < Prev | Next > |
|---|