Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Seachtain den Scoth
Seachtain den Scoth E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 August 2008

Bhí clár leathan leagtha amach le haghaidh Scoil Ceoil an tSamhraidh agus Féile Touhey a mhair idir 13-20 Iúil.

Image

Seo cuid de na daltaí a d’fhreastal ar na ranganna ar an fhidil le Andrew Neylon le linn Scoil Ceoil an tSamhraidh Broderick-Carty 13-18 Iúil.

Bhí deis ag daltaí réimse leathan uirlisí ceoil traidisiúnta a fhoghlaim i rith na seachtaine agus béim ar leith ar stíl ceoil Oirthear na Gaillimhe. Bhí réimse ranganna ar fáil do fhoghlaimeoirí, feabhsóirí, ranganna ard-leibhéal mar aon le seisiúin éagsúla ar toipicí agus ar ghléasanna ceoil ar leith. Bhí freastal maith ó gach aois-ghrúpa ar leibhéil éagsúla. Bhí deis ag gach dalta rince ceilí is seit a fhoghlaim mar aon le roinnt amhráin traidisiúnta. Faraor, bhí imeachtaí lae is oíche ag gabháil ar aghaidh ar feadh na seachtaine chomh maith.

Bhí cuairteoirí speisialta ag tabhairt faoi cheardlanna ar leith; Bhí taispeántas ‘Powerpoint’ ag Tomás Peterváry ar logainmneacha áitiúla agus ar na suíomhanna seandálaíochta sa cheantar. Bhí seisiún scéalaíochta leis an seanchaí Eddie Lenihan ina raibh tagairtí go leor do shíoga, taibhsí is eile. Bhí ceardlann ar leith eagraithe ag Dick Joyce ar an bhosca ceoil. Cuireadh fáilte mhór roimh Treasa Ní Cheannabháin agus í i mbun ceardlann amhránaíochta ar an tsean-nós. Ní amháin sin ach bhí spéis iontach sa cheardlann faoi stiúir Sheosamh Uí Neachtain agus é ag teagasc damhsa ar an tsean-nós. Ar ndóigh, cuireadh béim ar leith ar bhuanna cheol traidisiúnta an cheantair a bhuanú agus léacht tugtha ag Mairtín agus Micheál Ó Fathaigh ar an ábhar ag dul siar ar shaibhreas an cheoil agus cur síos ar cheoltóirí na háite leis.

Mar chlabhsúr ar an Scoil Ceoil, bhí ceolchoirm iontach speisialta ag na daltaí féin ag feirm na bPeataí agus ba mhór an ónóir do thuismitheoirí, cairde agus pobal na háite ceithre scór dalta i mbun ceolchoirme ar ardán.

Mar a tharla, cuireadh rang speisialta ar siúl do pháistí ón Bhealarúis maidin amháin ina raibh ceacht tugtha dóibh ar an fheadóg stáine agus ghlac siad féin páirt sa cheolchoirm fosta.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?