News
Béal a Phobail
Seó Beo ‘Gugulaí Gug’ | Seó Beo ‘Gugulaí Gug’ |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 30 April 2008 | |
|
Páistí - Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, in éineacht le Tadhg Mac Dhonnagáin a tháinig chun ceolchoirm Gugalaí Gug a chur ar siúl. Bhí ceolchoirm speisialta eagraithe do theaghlaigh sa Gaelscoil, Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua Dé Domhnaigh 27 Aibreán ag 3.00 i.n. Beidh an seó seo mar léiriú beo bríomhar ar an leabhar ‘Gugulaí Gug’ atá ar cheann de na foilseacháin is mó díol i nGaeilge le roinnt blianta anois. Ní amháin go raibh Tadhg Mac Dhonnagáin ar stáitse ach bhí cuideachta clainne aige ó Éabha, Tadhg Óg agus Róise, rud a chur go mór le cur i láthair na n-amhrán is na rannta éagsúla. Tugadh blaiseadh don lucht éisteachta ar a raibh ar fáil ó Futa Fata agus neart de na páistí ag damhsa is i mbun spraoi le linn na ceolchoirme. Gan amhras, bhí áthas ar Gaeilge Locha Riach fáilte a chur roimh mhuintir Mhic Dhonnagáin is a chlann a theacht leis an cheolchoirm bríomhar a léiriú. Cinnte, bhain na teaghlaigh ar fad a bhí i láthair an-sult as an Seó Beo ‘Gugulaí Gug’ agus is cosúil go mbeidh cuireadh tugtha dóibh teacht ar ais arís chuig an chomharsanacht gan mórán moille. |
| < Prev | Next > |
|---|