News
Béal a Phobail
Scoileanna á lorg do thogra Nollag sa Mhúsaem | Scoileanna á lorg do thogra Nollag sa Mhúsaem |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 28 November 2007 | |
|
Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe ag lorg ranganna bunscoile i gCathair na Gaillimhe chun páirt a ghlacadh i mór thogra ealaíne na Nollag. Is é téama an togra i mbliana ná, 'Mo Ghaillimh'. Iarrtar ar pháistí pictiúr ildaite a tharraingt a léiríonn an rud is mó a thaitníonn (nó nach dtaitníonn leo faoin gCathair). Tá sé i gceist ag an Músaem na pictiúir ar fad a chur ar taispeáint ar feadh míosa sa mhúsaem féin, agus turas na h-áite a thabhairt do na ranganna a ghlacann páirt sa scéim, i dteannta Mhéara na Gaillimhe, théis na Nollag. Is féidir le múinteoirí a chuireann suime sa togra teagmháil a dhéanamh leis an Músaem ag 091 532464, nó le ríomhphost ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it . |
| < Prev | Next > |
|---|