Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Scoildhrámaíocht den Scoth
Scoildhrámaíocht den Scoth E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 12 March 2008

D’éirigh go hiontach le Féile Scoildhrámaíochta na Gaillimhe arís i mbliana agus é ar siúl sa Temperance Hall i mBaile Locha Riach don chéad uair 3-7 Márta.

Image

Tir na n-Og: Seo cuid de na daltaí — Ghaelscoil Riabhach a léirigh ceoldhráma 'Niamh Cinn Óir' ar an stáitse nuair a ghlac páirt san Fhéile Scoildhrámaíochta i mBaile Locha Riach.

Deir lucht eagraithe gurbh é an phríomhaidhm atá leis an fhéile ná deis a thabhairt do pháistí scoile sult a bhaint as drámaí trí mheán na Gaeilge a léiriú ar stáitse. Níl amhras ar bith ann ach gur éirigh leo leis an chuspóir seo a chomhlíonadh agus a thuilleadh chomh maith.

Tuigtear gur léirigh fiche is a dó scoil drámaí éagsúla ar ardán i rith na seachtaine agus 36 seónna ar stáitse san iomlán. Bhí idir scoileanna náisiúnta, meánscoileanna agus gaelscoileanna páirteach san fhéile. Ní amháin sin ach tháinig go leor scoileanna eile ar cuairt mar chuid den lucht féachána fosta.

San iomlán, idir aisteoirí, múinteoirí, tuismitheoirí, lucht tacaíochta agus lucht féachána de gach aoisghrúpa, creidtear gur mheall an fhéile timpeall trí mhíle duine go Baile Locha Riach i rith na seachtaine ar fad.

Bronnadh fiche duais san iomlán sna rannóga éagsúla agus bonn do gach uile aisteoir beag is mór ar ardán. Ní amháin sin ach bhí cuid acu ainmnithe le páirt a ghlacadh i bhFéile Connachta i gCaisleán an Bharraigh i mí Aibreán.

Dúirt Mait Ó Bradaigh, Cathaoirleach na Féile, go raibh lucht eagraithe an-sásta leis an fhéile i mbliana agus go raibh sé den bharúil go raibh sé ar cheann de na féiltí is mó a d’eagraigh siad riamh. Ghlac sé an deis cuireadh a thabhairt do scoileanna eile páirt a ghlacadh san fhéile ar an bhliain seo chugainn agus é ag cur i gcuimhne go mbeidh litreacha seolta sa phost chuig gach uile scoil i gCo. na Gaillimhe le féile 2009 a fhógairt.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Are you worried about using your credit/debit cards?