Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Scéim nua forbartha do scríbhneoirí Gaeilge
Scéim nua forbartha do scríbhneoirí Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 02 July 2008

Scéim forbartha do Ghearr-Scannáin teilifíse atá i SÍOL a chothóidh tallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí ó bhunstaid scripte go staid craolta ar TG4. Tá sé beartaithe leis an scéim SÍOL go mbeadh deis á tabhairt do 6 scríbhneoirí nó scríbhneoirí/stiúrthóirí ón nGaeltacht, nó atá líofa i nGaeilge, script teilifíse a scríobh agus a chóiriú le haghaidh léiriúcháin teilifíse.

Tá an scéim oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre – bíodh taithí acu ag scríobh don scáileán nó ná bíodh – agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse.

Tugtar cuireadh d’iarrthóirí dul san iomaíocht i gcomórtas scripte ar mhaithe le háit a bhaint amach ar mháistir-ranganna ceirde chun sraith de 6 dhráma teilifíse a fhorbairt faoin téama “An Chlann”. Beidh na scripteanna a nglacfar leo ag baint úsáide as an téama lárnach seo den chlann, cé nach gá cloí le léamh traidisiúnta ar an bhfocal.

Is gá Script Iomlán 25 nóiméad, chomh maith le leathanach amháin Achoimre agus nótaí ar charachtair a chur isteach le d’Iarratas.  Roghnófar sé thogra as na hiarratais agus tabharfar tacaíocht oiliúna agus forbartha do na scripteanna. Forbróidh na scríbhneoirí na scripteanna faoi stiúir eagarthóir scripte. Réiteofar na tograí mar chuid de dhá cheardlann, (scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta), a bheas ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2008 agus Feabhra ’09.

Tá Foirm Iarratais, Sonraí na Scéime agus tuilleadh eolais le fáil ar www.siol.ie.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais an 13 Lúnasa 2008.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?