News
Béal a Phobail
Scéalaíocht do Pháistí | Scéalaíocht do Pháistí |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 14 May 2008 | |
|
Beidh lá mór clainne i Múseam Cathrach na Gaillimhe Dé Sathairn seo chugainn, 17ú Bealtaine, ag 12in, nuair a chuirfidh ceann de mhór scéalaithe na Gaillimhe, Rab Fulton, lá scéalaíochta ar fáil do pháistí. Cé go mbeidh na scéalta féin dírithe ar pháistí óga idir 5-12 bliain d'aois, is léir go mbeidh siad taitneamhach chomh maith do thuismitheoirí agus do na cúntóirí a bheidh i láthair! Beidh Rab ag inseacht scéalta sí bunaithe ar oidhreacht na hÉireann. Tá leabhrán gnímhe curtha le chéile ag an Músaem chomh maith a thugann dúshlán do pháistí óga chun beith mar 'bhleachtairí', ag aimsiú taispeántais éagsúla sa mhúsaem. Tosóidh an scéalaíocht ag 12rn agus cosnóidh sé €5. |
| < Prev | Next > |
|---|