Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Saothair Nua o Clo Iar-Chonnachta
Saothair Nua o Clo Iar-Chonnachta E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 14 February 2007
Cúig ghearrscéal is fiche atá sa chnuasach nua Gearrscéalta ár Linne a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge agus a thugann ardán do chuid de na gearrscéalaithe is fearr atá ag saothrú sa ghort sin.

Tá bá faoi leith léirithe ag scríbhneoirí Éireannacha le seánra an ghearrscéil le fada agus is mor, mar sin, an dúshlán a chuir an t-eagarthoir Brian O Conchubhair roimhe leis an saothar is fearr acu a roghnú. Tá ardchaighdeán agus an-éagsúlacht sa chnuasach seo atá mar thoradh ar a chuid oibre, o fhantaisíocht Mhichíl Uí Chonghaile go saothair níos traidisiúnta o Phádraic Breathnach, le scríbhneoirí oga amhail Daithí O Muirí chomh maith le scríbhneoirí aitheanta amhail Alan Titley, san áireamh.

Rogha de na gearrscéalta is fearr i nGaeilge a foilsíodh le tríocha bliain anuas atá sa chnuasach seo.Cúig ghearrscéal is fiche atá sa chnuasach in iomlán a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge agus a thugann ardán do chuid de na gearrscéalaithe is fearr atá ag saothrú sa ghort sin. Is é cuspoir an leabhair cur amach ar an ngearrscéal comhaimseartha Gaeilge a thabhairt do léitheoirí agus iad a spreagadh chun filleadh ar na bunchnuasaigh.

I measc na n-údair sa leabhar seo tá: Pádraic Breathnach, Biddy Jenkinson, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Siobhán Ní Shúilleabháin, Pádraig O Cíobháin, Dara O Conaola, Micheál O Conghaile, Daithí O Muirí, Joe Steve O Neachtain, Pádraig O Siadhail, Gabriel Rosenstock, Dáithí Sproule agus Alan Titley.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcnuasach o Chlo Iar-Chonnachta o 091 593307. 'Mise an fear ceoil': Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 is teideal do leabhar nua atá le foilsiú go luath, dialann taistil Shéamus Ennis on tréimshe a chaith sé ag bailiú amhrán agus ceoil i gContaetha na Gaillimhe, an Chláir, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Luimnigh agus an Chabháin do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Ní raibh Séamus Ennis ach fiche is a trí bliain d'aois nuair a ceapadh mar bhailitheoir é leis an gCoimisiún.

Is éard a bhí gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos. Is dúshlánach an post a bhí ann, agus bhí duine le scileanna faoi leith ag teastáil: duine a bheadh in ann notaí an cheoil a scríobh maille le focail; Gaeilge líofa; tuiscint ar thraidisiún an cheoil; agus pearsantacht faoi leith - bhí duine ag teastáil a bheadh in ann labhairt le daoine, a réiteodh le daoine agus a mbeadh muinín ag na ceoltoirí as. Bhí na cáilíochtaí seo ar fad ag Ennis, agus ba cheoltoir agus amhránaí cumasach é, leis. Choinnigh sé dialann i rith a chuid ama ag obair leis an gCoimisiún, atá anois i seilbh An Choláiste Ollscoile i mBÁC i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.

Tá diantaighde déanta ag Ríonach uí Ogáin ar obair Shéamus Ennis, agus é curtha os comhair an phobail aici anois leis an dialann taistil seo. Faightear an-léargas i 'Mise an fear ceoil' ar thraidisiún ceoil an ama sin, ar na daoine agus ar na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu, agus ar an bhfear é féin. Foilseofar an leabhar i mí Feabhra.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Would you trust the cancer services in this country?