News
Béal a Phobail
Samhradh Ceolmhar | Samhradh Ceolmhar |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 25 June 2008 | |
|
Tá cláracha iontach leathan leagtha amach ag an Scoil Ceoil i mbliana agus Féile Touhey agus go leor imeachtaí is siamsaíocht geallta i gceantar Bhaile Locha Riach 13-20 Iúil. Bheirfidh Scoil Ceoil an tSamhraidh 13-18 Iúil deis do dhaltaí réimse leathan ceoil traidisiúnta a fhoghlaim. Beidh réimse ranganna ar fáil do fhoghlaimeoirí, feabhsóirí, ranganna ard-leibhéal mar aon le seisiúin éagsúla ar toipicí agus ar ghléasanna ceoil ar leith. Beidh ceardlanna speisialta ag díriú ar amhránaíocht agus damhsa ar an tsean-nós, scéalaíocht, béaloideas agus logainmneacha áitiúil. Beidh cuiarteoirí speisaialta ag tabhairt faoi cheardlanna ar leith; ‘Béaloideas na Logainmneacha’ le Tomás Peterváry, ‘Seisiún scéalaíochta’ le Eddie Lenihan, ‘Amhránaíocht Sean-nós’ le Treasa Ní Cheannabháin, ‘Damhsa Sean-nós’ le Seosamh Ó Neachtain. Ar ndóigh, cuirfear béim ar leith ar bhuanna cheol traidisiúnta an cheantair a bhuanú agus léacht tugtha ag Mairtín agus Micheál Ó Fathaigh ar an ábhar. Beidh ceiliúradh mór ar shaol agus ar shaothar Patsy Touhey le linn na Féile thar dheireadh na seachtaine 18-20 Iúil. Déanfar comóradh ar an phíobaire seo a rugadh go háitiúil agus a bhain clú agus cáil amach go hidirnáisiúnta de bharr a bhuanna ar na píobaí. Ar ndóigh, beidh na píobaí uilleann go mór le cloisteáil i gcomharsanacht Locha Riach le linn na féile seo agus ceardlanna is ranganna ar leith ag díriú ar ghrúpaí is ar chaighdeáin éagsúla. Lena chois sin, beidh léacht comórtha le Pat Mitchell ar shaol is ar shaothar Patsy Touhey mar aon le taispeántas Píbe speisialta mar cuid den oíche oscailte agus ceilí mór leis buíon ceoil ‘Glenside’ ina diaidh. Beidh seoladh leabhar ‘The Turoe Stone Vol.II’ leis an chumadóir ceoil Vincent Broderick a bhuaigh gradam ceoil TG4 roinnt blianta ó shin. Beidh ‘Picnic na bPíobairí’ ar siúl áit a rugadh Patsy Touhey thar an dheireadh seachtaine fosta. Caithfidh a rá, áfach go mbeidh an-éileamh ar an cheolchoirm mhór in ómós Patsy Touhey 19 Iúil agus réimse leathan ceoltóirí speisialta le páirt a ghlacadh... Joe Burke, Joe Doyle, Pat Broderick, Ger Fahy, Michael Rafferty, Meaitie Jó Shéamuis Ó Fatharta, Comhaltas Ceoltóirí Éireann is go leor eile. I measc na bpíobairí a bhéas thart thar dheireadh na seachtaine chomh maith beidh: Gay McKeon, Cormac Ó Briain, Mikie Smith agus Richard Neylon. Tá seisiún ceoil geallta gach oíche i rith na seachtaine Luan- Domhnach 13- 20 Iúil agus siamsaíocht den scoth curtha ar fáil. Ar ndóigh, má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais i dtaobh an Scoil Ceoil nó Féile Touhey, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le ‘Gaeilge Locha Riach’ ag 091 870718 nó ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it |
| < Prev | Next > |
|---|