Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Ros an Mhíl
Ros an Mhíl E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 09 July 2008
Image

D'oscail an t-Iar Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, taispeántas le Pádraic Reaney, den teideal 'Ros an Mhíl, 1979 -1983', Dé Sathairn seo caite, i Músaem Cathrach na Gaillimhe.  Bhí slua mór i láthair don taispeántas seo, ina bhfuil griangrafanna de thithe agus sciobóil i Ros an Mhíl, Caorán na gCearc agus Baile an tSléibhe atá imithe le gaoth ó 1983.

Thóg an togra seo ceithre bliana le críochnú, ó 1979 - 1982.  Sa taispeántas clúdaítear ceantar d'achar de thart fá dhá mhíle go leith cearnaithe.  Tógadh 149 griangraf de bheagnach 80 struchtúr cloich, tithe agus sciobóil ina measc, agus cé  gur taispeánadh ealaíne bunaithe ar na griangrafanna cheana, seo an chéad uair ag na pictiúir á speáint. 

Is beag struchtúr a mhaireann inniu, cé nach bhfuil ach sé bliana fichead caite ó shin.  Beidh an taispeántas ar siúl go dtí deireadh mhí Lúnasa. 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?