News
Béal a Phobail
Ranganna Gaeilge do dhaoine ó thar sáille | Ranganna Gaeilge do dhaoine ó thar sáille |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 05 December 2007 | |
|
Thosaigh ranganna speisialta do dhaoine ó thar sáille atá ag cur fútha sa tír seo, i mBaile Locha Riach le deireannas. Ní amháin go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ó thar lear ach is duine ó thar lear atá i gceannas ar an chúrsa. Tá na ranganna ar siúl in oifigí Gaeilge Locha Riach agus Tamas Peterváry, ón Úngair, i gceannas an cúrsa áirithe seo. Tá Gaeilge líofa ag Tamas, tuiscint aige ar dheacrachtaí foghlaimeoirí agus cur amach aige ar Teastas Eorpach na Gaeilge. Deir Tamas go mbaineann sé sult as na ranganna seo agus go bhfuil sé i gceist aige cúrsa eile a eagrú sa bhliain úr. Má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais, gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach ag 091 870718 nó ag prua@lochariach. |
| < Prev | Next > |
|---|