Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Ranganna Gaeilge ón gConradh
Ranganna Gaeilge ón gConradh E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 12 September 2007
Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh an Fómhair seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge.

Bunaithe ar na ranganna agus ar na h-imeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith na bliana, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil Mhaigh Nuad.

Is ar oíche Luain 24 Meán Fómhair 2007 ag 8.00in a bheidh an clárúchán ar siúl do ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú arís ar an Luan 1 Deireadh Fómhair 2007. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnóna amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567 824 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it .


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?