News
Béal a Phobail
Radharc ar Ré Raifteirí | Radharc ar Ré Raifteirí |
|
| Written by Staff Reporter | ||||
| Wednesday, 02 April 2008 | ||||
Page 1 of 2 Breithlá Raifteirí a bhí ann 30 Márta 2008. Dá mbeadh sé beo anois, bheadh sé 229 bliain d’aois inniu. Fiú, má tá a chorp leagtha sínte san uaigh, is cinnte go bhfuil a spiorad breá bríomhar sa tír go fóill. Louis De Paor - Ollscoil na Gaillimhe, ag léamh a chuid filíochta féin ag Féile Raifteirí i mBaile Locha Riach Bhí comóradh iontach leagtha amach in ómós Raifteirí le linn ‘Féile Raifteirí’ i mBaile Locha Riach thar dheireadh na seachtaine le linn a bhreithlá. Rinneadh ceiliúradh den scoth ar na tréithe éagsúla a bhí ag an fhile ildánach agus aird ar leith tugtha dá bhuanna ealaíonta; i. Bua na filíochta is na scribhneoireachta, bua na hamhránaíochta idir traidisiúnta is ar an sean-nós, bua na fidléireachta is an ceoil go ginearálta. D’oscail an fhéile go hoifigiúil le Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Is cosúil go raibh díoma air nach mbeadh sé ábalta fanacht le haghaidh na n-imeachtaí ar fad: i. ceardlanna ag díriú ar an fhilíocht, ar an fhidléireacht, ar scríobh scripteanna scannáin, ar agallamh beirte is lúibíní, ar an amhránaíocht traidisiúnta is ar an tsean-nós agus ar chumadh na n-amhrán fosta. Bhí ciorcail amhránaíochta, seisiúin ceoil is filíochta, léacht ar shaol is ar shaothar Raifteirí agus clabhsúr leis an fheile le ceolchoirm mhór. Mhol sé liosta na n-urraithe a bhí ag tacú leis an fhéile rud a chuireann i gcumas an choiste eagraithe clár thar a bheith leathan a chur ar fáil: i. An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge is Gaeilge Locha Riach. Caithfidh a rá go raibh suas le seacht gcéad duine ag freastal ar imeachtaí éagsúla na féile agus an t-ádh ag muintir Locha Riach talann na hÉireann a mhealladh chucu. Bhí ceardlanna amhránaíochta iontach ag Seán Mac Aindreasa agus Meaitie Jó Shéamuis Ó Fatharta. Dhírigh Rónán Ó Snodaigh ar chumadh na n-amhrán i nGaeilge agus spéis ar leith ann go cinnte. Tugadh spreagadh d’ábhair scríbhneoirí le linn na ceardlanna ag na scríobhaithe aitheanta Louis De Paor agus Ré Ó Laighléis. Rud úrnua do mhuintir na háite blaiseadh a fháil ar luibíní is ar agallamh beirte leis na máistrí, Éamonn Ó Donnchadha is Fearghas Mac Lochlainn, agus ceardlann eagraithe do dhaoine óga. Gan amhras, bhí rogha bhreá ag fidléirí an cheantair agus ceardlanna faoi stiúir Breda Keville, Paul Bradley agus Paul O Shaughnessy. Mar aon leis na himeachtaí lae seo, léamh aifreann i nGaeilge in Otharlann Naomh Breandáin agus aird tugtha do dhánta spioradálta an fhile. Bhí imeachtaí oíche d’ardchaighdeán curtha ar fáil le linn na féile chomh maith agus ciorcal amhránaíochta is filíochta eagraithe ar an Aoine i gcomhar le Baffle agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí éagsúlacht bhreá idir dánta nua-cumtha agus aithris ar fhilíocht Raifteirí, amhránaíocht agus ceol na hoíche. Thosaigh tráthnóna an tSathairn le léargas iontach tugtha ar shaol is ar shaothar Raifteirí ag an saineolaí, Ciarán Ó Coigligh. Chothaigh a léacht is a treoir ábhair machnaimh is cainte dóibh siúd bailithe. Léirigh Cleamairí Locha Riach seó speisialta ar Raifteirí sa chomharsanacht agus lean seisiún ceoil faoi stiúir Colm agus Finbarr Naughton go na huaireanta beaga. |
||||
| < Prev | Next > |
|---|