Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Rós Chlub Árus na nGael
Rós Chlub Árus na nGael E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 19 March 2008
Image

Buaiteoir Rós Chlub Árus na nGael Aisling Bairead as Foirnis i Leitir Mulláin le Bába Ní Fhlatharta eagrathóir an Chómortas.

Bhí an-oíche i gClub Árus na nGael an tseachtain seo caite nuair a chuaigh ochtar spéirbhean in iomaíocht chun duais Rós Chlub Arús na nGael a bhaint amach.  Bhí an-gháire agus an spraoi ann ar feadh na h-oíche, a bhuíochas sin do mhuintir Chonradh na Gaeilge a d'eagraigh an oíche, go h-áirithe eagarthóir an chomórtais féin, Baba Ní Fhlatharta.

Gearóid MacDonnacha, Jo Ní Chéidigh agus Catherine Ní Ghuairim ó RnaG agus TG4 a bhí i mbun moltóireachta agus b'iontach deacair an jab  a bhí le déanamh acu.  Bhí ardú ar an líon iontrála i mbliana ó bhlianta eile agus tá caighdeán na h-oíche ag ardú bliain i ndiaidh a chéile le siamsaíocht den scoth, idir cheol agus damhsa, ar feadh uaire an chloig.

B'í Aisling Ní Bhairéad as Leitir Mealláin a bhuaigh an cómórtas ar deireadh, ag tabhairt stéibh d'amhrán Chuigéil don slua - ba dheas an leagan a bhí ann go deimhin, agus cén t-iontas, ó tharla go bhfuil cónaí uirthi idir John Beag agus Beartla Ó Domhnaill! 

Thug an buaiteoir roinnt duaiseanna léi, ina measc píosa criostail ó Chriostal na Gaillimhe agus fuair gach bean a ghlac páirt rós speisialta ó Chlub Árus na nGael.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think there is enough high quality student accomodation around Galway?