Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Rí an Fhocail, Máirtín Ó Cadhain
Rí an Fhocail, Máirtín Ó Cadhain E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 14 November 2007

Rí an Fhocail agus Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas is teideal do dhá chlár atá eisithe anois ar DVD a cheiliúrann saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta i gcomhar le RTÉ.

I 2006 comóradh céad bliain ó rugadh Máirtín Ó Cadhain, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, agus mar chuid den chomóradh sin rinne RTÉ coimisiúnú ar chlár speisialta faoin scríbhneoir, dar teideal Rí an Fhocail. Is iad Seán Ó Cualáin agus Mac Dara Ó Curraidhín a léirigh an clár seo a dhéanann plé ar scríbhneoireacht Uí Chadhain agus a fhéachann lena shuí ina shaol féin agus i saol a linne. Tá agallaimh ann leis na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain agus Louis de Paor, chomh maith le miondrámaí bunaithe ar shaothar an Chadhnaigh, agus ábhar cartlainne. Craoladh Rí an Fhocail den chéad uair i bhfómhar 2006 agus bhuaigh sé duais don chlár Gaeilge is fearr ag na Irish Film and Television Awards 2007 agus don chlár ealaíon is fearr ag an Celtic Film Festival 2006.

Is clár cartlainne de chuid RTÉ é Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas a craoladh de chéaduair i 1967 agus a bhfuil athmháistriú déanta ag Leabharlann agus Cartlann RTÉ anois air. Is sa gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal a taifeadadh an clár, áit ar rugadh agus ar tógadh Ó Cadhain, agus is é Ó Cadhain féin an treoraí don chlár. Cuireann sé in aithne don lucht féachana a cheantar dúchais, muintir an cheantair, an saol a bhí acu, agus an teanga a labhair siad – na rudaí a mhúnlaigh mar dhuine agus mar scríbhneoir é. Faightear léargas an-spéisiúil sa chlár ar Ó Cadhain agus ar a shaol, agus cuireann sé ina luí ar an lucht féachana an oiread tionchair a bhí ag muintir Chois Fharraige ar a chuid scríbhneoireachta.

Deir sé: “Níor leag mé peann ar an bpáipéar ariamh nach raibh siad i m’intinn ... nach raibh siad ag dul idir mé agus an páipéar, ag dul ar an bpáipéar, tograím é nó ná tograím. Mar sin a bhí agus a bheas, mar sin is dual mar is iad mo mhuintir – mo mhuintir-féin iad.”

Is i nGaeilge atá an dá chlár agus fotheidil Bhéarla orthu. Tá an DVD le ceannach i siopaí ar fud na tíre ar €25 agus ó www.cic.ie.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Enter our competition to win a pair of tickets to the Galway Races
Enter our competition to win helicopter flights to the Galway Races
Will increased flight prices deter you from going abroad this summer?