News
Béal a Phobail
Ré Ó Laighléis i mBaile Locha Riach | Ré Ó Laighléis i mBaile Locha Riach |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 19 September 2007 | |
|
Bhí Ré Ó Laighléis ar cuairt ar Bhaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe le déanaí le léargas ar leith a thabhairt do scoláirí ar ‘Phrós na hArdteiste’. Scríbhneoir comhaimseartha agus iar-mhúinteoir scoile atá sa Laighléiseach agus clú is cáil air as duaiseanna liteartha a bhuachaint thar na blianta. Bhí an ceardlann eagraithe go speisialta ag an ghrúpa liteartha ‘Baffle’ i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge leis. Mhothaigh scoláirí Bhaile Locha Riach go raibh léargas úrnua tugtha dóibh agus tuiscint níos cruinne acu ar na génre éagsúla próis atá ar an chúrsa acu. Faoraor, tá idir bhéaloideas, drámaí, gearrscéalta, gearrscannán, sliochtanna as dírbheathaisnéis agus úrscéalta mar chuid den chúrsa léinn ag daltaí. Díríodh go príomha ar an ghearrscéal, na tréithe a bhaineann leis agus tagairtí do shaothar na hArdteiste maraon l’ábhair scríofa ag an údar féin. Stiúirigh Ré Ó Laighléis ceardlann fíor-spreagúil a chothaigh spéis na ndaltaí i litríocht na Gaeilge go ginearálta agus deis acu sult is pléisiúr a bhaint as a shaothar féin chomh maith.
Cinnte, bhí go leor noda tugtha do scoláirí Ghairmscoil Bhríde agus do Choláiste Raphael araon i mBaile Locha Riach. Ní amháin gur mhothaigh idir mhúinteoirí agus daltaí go raibh siad ullmhaithe níos fearr tabhairt faoi shiollabas na hArdteiste ach b’fhéidir go mbeidh ionspioráid ar leith tugtha do chuid acu a bheith ag saothrú mar scríbhneoirí sa todhchaí. |
| < Prev | Next > |
|---|