News
Béal a Phobail
Rás an Pheig ag Éirí Teasaí | Rás an Pheig ag Éirí Teasaí |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 12 December 2007 | |
|
Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís ina bhfuil iomaitheoirí ón dá thaobh den Atlantach á réiteach féin i gcóir Rás an Pheig, a bheidh ar siúl in áit éigin rúnda i gConamara an Nollag seo. Tá duine de na h-iomaitheoirí, M. Ó Domhnaill ó Bhoston Mheiriceá, tar éis a fhógairt go bhfuil péire bristí beaga nua ceannaithe aige go speisialta don ócáid, agus dár leisean, tabharfaidh na brístí seo buntáiste beag dhó agus é ag rith in aghaidh na h-iomaitheoirí eile. "Níl na brístí seo le fáil in Éirinn fós', arsa M. Ó Domhnaill, 'tá siad breá compórdach agus déanann siad an-chosaint in aghaidh chafáil. Chomh maith leis sin tá siad breá aerodynamic agus tá sé deacair rá nach n-airím níos fearúil iontu." Nuair a ceistíodh an lúthchleasaí faoin dath gáirsiúil bándearg a bhí ar na brístí ní raibh le rá aige ach 'go bhfuil go leor le foghlaim ag na pointers faoi chúrsaí faisin'. Beidh tuairisc iomlán ar an rás seo théis na Nollag. |
| < Prev | Next > |
|---|