Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Post Nua Fógartha ag Conradh na Gaeilge
Post Nua Fógartha ag Conradh na Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 17 September 2008

Tá post mar Fheidhmeannach Imeachtaí agus Riaracháin fógraithe ag Áras na nGael. Is post nua é seo a bheidh dírithe ar chur leis an réimse imeachtaí a gcuirtear ar fáil san Áras agus i gClub Áras na nGael.

Tá iarratais á lorg faoi láthair ó dhaoine ar spéis leo an post nua dúshlánach seo. I measc na tréithe atá ag teastáil uaidh iarrthóirí tá: cumas bainistíochta, margaíochta agus cuntasaíochta; Scileanna cumarsáide, ríomhaireachta agus eagartha; Cumas oibriú as a stuaim féin agus ardchaighdeán Gaeilge, idir chumas labhartha agus scríofa. Tá an post nua á thairiscint ar chonradh dhá bhliain.

Is féidir iarratas a dhéanamh ach litir iarratais agus CV a sheoladh chuig An Rúnaí, Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh. Is é Dé hAoine 19 Meán Fómhair an dáta deireadh iontrála.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?