Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Plé Pháipéar ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Plé Pháipéar ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 15 October 2008

Tá fógartha inniu ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil a Roinn ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine díospóireacht a dhéanamh ar phlé pháipéar maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. D’eascair an plépháipéar seo as an chéad chéim den chomhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl níos túisce i mbliana.

Thug an Rialtas gealltanas ina Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 an Rialtas go bhforbrófaí straitéis 20 bliain, bunaithe ar 13 chuspóir ar leith, lena n-áirítear:

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm go hiomlán agus éascaíocht a dhéanamh don phobal maidir lena gcuid cearta an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát
  • réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge
  • forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí craolacháin ar ardchaighdeán trí Ghaeilge, go háirithe ar TG4, RTÉ agus Raidió na Gaeltachta
  • tacaíocht speisialta a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar ina labhraítear Gaeilge, agus
  • forbairt bhreise a dhéanamh ar oideachas bunleibhéal agus dara leibhéal trí Ghaeilge, comhthreomhar leis an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistméireachta mar aon le cumas labhartha agus scríofa a dhaingniú.

Dúirt an tAire go raibh sé sásta go raibh an dara céim den chomhairliúcháin poiblí réidh le tosú.  "Tuigim go raibh rannpháirtíocht mhaith sa chéad chéim, idir fhreastal ar na cruinnithe poiblí agus cheistneoirí a líonadh.  Ag eascairt as an bpróiseas sin, tá plé pháipéar curtha le chéile chun tuilleadh díospóireachta a spreagadh.  Tá sé tábhachtach ionchur an phobail a fháil ionas go mbeifear in ann teacht ar pholasaí nua-aimseartha agus pragmatach don Ghaeilge le cuidiú linn ár n-ollsprioc a bhaint amach, sin é, go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil i gceann 20 bliain".

Beidh an cruinniú i nGaillimh anocht, 8ú Deireadh Fómhair, ag 7.30i.n, in Óstán an Ardilaun.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think the drink driving limit should be changed?
 
Great value beds and mattresses online in Ireland.

Sleep On Savings

Save on-line now with Mattress.ie »

Mattress.ie – a Bedzilla Company
Ireland & UK beds and mattress specialist.
Sealy beds and Sealy mattress stockists.