News
Béal a Phobail
Pick of the Litter in Áras na nGael, Gaillimh | Pick of the Litter in Áras na nGael, Gaillimh |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 16 July 2008 | |
![]() Beidh Pick of the Litter, banna bríomhar cheol thraidisúnta sé phíosa, ag seinnt ceoil in Áras na nGael Dé Sathairn seo chugainn, mar chuid d'imeachtaí an Chonradh i gcóir Sheachtain na Féile i nGaillimh. Tagann baill an ghrúpa as gach cearn den tír; Baile Átha Cliath, Laois, Liatroim, Dún na nGall agus Corcaigh. Tá cúlra éagsúla cheoil ag baill an bhanna agus tagann fuaim úr agus saibhir uathu dá bharr. Tugann siad turas ar leith ar an dTraidisiún sa bhealach a dtugann siad gnéithe de ranna cheoil eile le chéile agus is é seo an faobhar indibhiúil atá acu. Is cumadóir amhrán as Gaillimh í Róisín Ní Gallóglaigh a thabharfaidh tacaíocht do “Pick of the Litter” ar an oíche. Casfaidh Róisín rogha dá hamhráin féin chomh maith le píosaí traidisiúnta as Éirinn agus ón Spáinn. Osclófar na doiras ar a 8pm agus cosnóidh na ticéidí €10 / €8, ar fáil ag an doras. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteangmháil le Lughaidh fón: 085-7380382 nó r-phost: This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it . |
| < Prev | Next > |
|---|