News
Béal a Phobail
Nuala Ní Dhomhnaill le léamh i Músaem Cathrach na Gaillimhe | Nuala Ní Dhomhnaill le léamh i Músaem Cathrach na Gaillimhe |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 16 January 2008 | |
|
Beidh an mór fhile Gaeilge ó Chúige Mumhan, Nuala Ní Dhomhnaill, le léamh i Músaem Cathrach na Gaillimhe Dé Sathairn seo, 19ú Eanair, ag a 3.00i.n.. Ócáid dhátheangach a bheidh anseo, uair go mbeidh an file ag léamh i mBéarla agus i nGaeilge. Tá Nuala Ní Dhomhnaill ar cheann de na scríbhneoirí is clúití i nGaeilge, agus is file í a bhfuil an-chuid aistriúcháín déanta dá cuid saothair go Béarla, Fraincís, Gearmáinis, Polainnis, Iódálais, Ioruais, Éstónais agus Seapánais! Is ó cheantar Gaeltachta Chiarraí í Nuala agus chaith sé tamall sa Tuirc agus san Ísiltír sular fhill sí ar an tír seo le maireachtáil i mBaile Átha Cliath lena fear céile ón Tuirc. Tá ceithre bhailiúchán filíochta foilsithe aici i nGaeilge. I 1986 d'oibrigh sí le Michael Hartnett ar saothar aistriúcháin a chur i mbéal an phobail Bhéarla í den chéad uair. Ó shin tá ceithre bhailiúchán dátheangach curtha amach aici le h-aistriúcháin ó mhór fhilí ar nós Medhb McGuckian, Eiléan Ní Chuilleanain agus Michael Longley. Is é an saothar is déanaí dá cuid ná The Fifty Minute Mermaid ina bhfuil aistriúcháin ó Paul Muldoon. Tugadh Dochtúireacht Onóireach di ó Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath i ngeall ar a cuid éachtaí ó thaobh na filíochta de, i 2007. Ar a bharr seo ar fad is bean iontach í Nuala chun a cuid filíochta féin a chur i láthair le splainc agus deá-phearsantacht. Is cinnte gur ócáid de scoth atá in ann don phobal i Músaem Cathrach na Gaillimhe, agus ceann go mbeidh an-tóir air. |
| < Prev | Next > |
|---|