Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Mol an Óige agus...
Mol an Óige agus... E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 August 2008

Ní raibh aon amhras ach go raibh clár fíor-leathan leagtha amach ag Scoil Ceoil an tSamhraidh agus Féile Touhey a mhair idir 13-20 Iúil.

Caithfidh a admháil go raibh freastal iontach ó dhaoine óga agus daltaí ag foghlaim réimse leathan uirlisí ceoil traidisiúnta i rith na seachtaine.  Bhí ceolchoirm iontach speisialta ag na daltaí féin ag feirm na bPeataí agus ba mhór an ónóir do thuismitheoirí, cairde agus pobal na háite ceithre scór dalta i mbun ceolchoirme ar ardán.

Ag moladh rannpháirtíocht na n-óg, dúirt Michael Fahy, Cathaoirleach CCÉ Bhaile Locha Riach nach raibh aon amhras air ach go mbeidh ceol traidisiúnta breá láidir in Oirthear na Gaillimhe ar feadh i bhfad.

Mar spreagadh ar leith, bhronn an Cathaoirleach duaiseanna speisialta ar cheoltóirí óga aitheanta ag Comhatas Ceoltóirí Éireann Bhaile Locha Riach... ina measc Niall Duane, Síofra Kellegher, Tara Glynn agus Muireann Ní Bhaoill.

Bronnadh duais ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ agus Plaic Vincent Broderick ar William Mulkerrins agus é aitheanta go forleathan ag CCÉ Bhaile Locha Riach as forbairt agus feabhas nach beag déanta aige ina chuid ceoil le bliain anuas.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?