Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Modh Múinte na Gaeilge
Modh Múinte na Gaeilge E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 24 October 2007
Image

M?inteoir? m?inte: Seo cuid de na teagasc?ir? a d'fhreastail ar an ch?rsa i dtaobh mh?ineadh na Gaeilge do dhaoine f?sta faoi Theastas Eorpach na Gaeilge i mBaile Locha Riach: Peig B?caoir ? B?ille, Ail?n N? Chonch?ir (c?rsa faoina sti?ir)

Tháinig Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe, Conradh na Gaeilge agus Comhairle Chontae na Gaillimhe le chéile le deireanas le cúrsa a chur ar fáil do mhúinteoirí dhaoine fásta.

De thairbhe go bhfuil suim iontach léirithe ag daoine fásta i ranganna maithe Gaeilge, bhí éileamh nach beag ach a leithéid de chúrsa a chur ar fáil. Ba í an aidhm a bhí leis an chúrsa seo ná deis a thabhairt do dhaoine atá ag obair mar mhúinteoirí cheana féin agus do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair san earnáil seo tuilleadh treoir a fháil faoi teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta.

Dhírigh an chúrsa ar scileanna teagaisc na rannpháirtithe chomh maith le oiliúint i gcomhthéacs múineadh Teastas Eorpach na Gaeilge.

Bhí dhá chúrsa curtha ar fáil, ceann i gcathair na Gaillimhe agus ceann i mBaile Locha Riach thar dhá deireadh seachtaine. Bhí freastal maith ar na cúrsaí seo agus tiocfaidh na múinteoirí uile le chéile 1 Nollaig le léargas níos iomláine as fháil ar shiollabas agus cúrsa teagaisc ar ?Teastas Eorpach na Gaeilge?.

Má tá aon duine ag iarraidh a thuilleadh eolais a fháil faoin chúrsa 1 Nollaig, tá fáilte roimh fhiosrúcháin ag Conradh na Gaeilge i nGaillimh 091 567824 nó ag Gaeilge Locha Riach 091 870718.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?